Geelong
| Geelong | |
Lár na cathrach agus Bá Corio ó Dhroim Conrach |
|
|---|---|
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Stát: | Victoria |
| Méara: | John Mitchell |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 1,240 km² |
| Daonra: | 160,991 (2006)[1] |
| Dlús daonra: | 165.3/km²/km² |
| Crios ama: | AEST |
| http://www.geelongaustralia.com.au | |
Is cathair í Geelong (fuaimniú: /dʒəˈlɒŋ/) atá suite ar Bhá Corio agus an Abhainn Barwon, i stát Victoria, an Astráil. Is í an dara cathair is mó sa stát í.
Clár ábhair |
Stair [athraigh]
Bhí an tréibh Bundúchasach Wathaurong ina gcónaí i Geelong agus an Leathinis Bellarine ar dtús. Ba é Lt. John Murray, ceannaire an bháid Lady Nelson, an chéad Eorpach a shroich an ceantar, rud a tharla sa bhliain 1802. Bunaíodh coilíneacht ar chósta Bá Sullivan, ar an taobh eile de Bá Port Phillip sa bhliain 1803, (theip air sa bhliain dár gcionn). D’éalaigh William Buckley ón phríosún, agus d’fhan sé le na Wathaurong ar Leathinis Bellarine ar feadh 32 bhliain ina dhiaidh sin.
Bunaíodh an baile sa bhliain 1838. Fuarthas ór i mBallarat in aice láimhe, sa bhliain 1851, agus mhéadaigh an baile dá bharr sin; bhí 23,000 daoine ina gcónaí i Geelong sa bhliain 1855.
Aeráid [athraigh]
| Geelong – Aeráid | |||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Mí | Eanáir | Feabhra | Márta | Aibreán | Bealtaine | Meitheamh | Iúil | Lúnasa | Meán Fómhair | Deireadh Fómhair | Samhain | Nollaig | Bliain |
| Teocht is airde (°C) | 45.3 | 47.4 | 41.5 | 34.8 | 27.6 | 23.4 | 20.5 | 25.8 | 29.6 | 37.1 | 37.3 | 43.1 | 47.4 |
| Meán-uasteocht an lae (°C) | 24.4 | 24.9 | 23.1 | 20.2 | 17.1 | 14.4 | 13.9 | 15.0 | 16.5 | 18.6 | 20.7 | 22.7 | 19.3 |
| Meán-íosteocht na h-oíche(°C) | 12.8 | 13.6 | 12.0 | 9.5 | 7.8 | 6.1 | 5.4 | 5.8 | 6.6 | 7.6 | 9.5 | 10.9 | 9.0 |
| Teocht is ísle (°C) | 4.5 | 5.8 | 3.4 | 1.4 | 0.0 | -3.7 | -4.3 | -2.1 | 0.6 | 0.6 | 2.6 | 3.3 | -4.3 |
| Meán-bháisteach (mm) | 33.0 | 29.8 | 31.9 | 45.5 | 46.5 | 42.2 | 49.2 | 49.1 | 49.7 | 51.3 | 52.8 | 40.1 | 522.6 |
| Foinse: Bureau of Meteorology[2] Eanáir 2011 | |||||||||||||
Méain [athraigh]
An nuachtán is sine sa tír is ea The Geelong Advertiser, a bhunaíodh sa bhliain 1840. Cuirtear an Geelong Independent (saor in aisce), agus an Geelong News i gcló chomh maith. Tá seirbhís theilifís saor in aisce ar fail i gceantar Geelong, a chraoltar ó Melbourne.
Oideachas [athraigh]
Méanscoileanna: Coláiste Naomh Seosamh (‘St. Joseph’s College’ i mBéarla), Coláiste Clonard, Coláiste an Croí Naofa (‘Sacred Heart College’), An Coláiste Geelong, Scoil Ghramadach Geelong.
Spórt [athraigh]
Peil Astrálach – Geelong Cats.
Tagairtí [athraigh]
- ↑ (Béarla) "Daonáireamh 2006 'QuickStats' – Geelong (VIC) (Statistical District)", Australian Bureau of Statistics (25 Deireadh Fómhair, 2007).
- ↑ (Béarla) "Climate statistics for Australian locations – Grovedale (Geelong Airport)", Bureau of Meteorology (20 Eanáir, 2011).
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.