Peil Astrálach
Cluiche is ea Peil Astrálach atá cosúil le Peil Ghaelach agus rugbaí. Imrítear peil Astrálach san Astráil.
Clár ábhair |
Stair [athraigh]
Bunaíodh an chéad Chomórtas Peile Astrálaí i Melbourne go déanach sa 19ú haois. Ar feadh tamaill fhada, bhí an comórtas is fearr sa ar siúl sa chathair sin. Mealladh imreoirí den chéad scoth as na stáit eile go Melbourne le bheith páirteach ann. Dá bhrí sin, tá sé intuigthe go mothaíonn muintir na cathrach gur leosan an pheil Astrálach.
Timpeall fiche bliain ó shin, ligeadh dhá fhoireann as an Astráil Theas (Adelaide Crows agus Port Adelaide Power) agus dhá cheann as an Astráil Thiar (West Coast Eagles agus Freemantle Dockers), isteach sa chomórtas. Chomh maith leis sin, bhog foirne ó Melbourne go dtí New South Wales (South Melbourne, anois Sydney Swans) agus go Queensland (Fitzroy, anois Brisbane Lions), cé go bhfuil rugbaí níos coitianta ná peil Astrálach sna stáit sin. Cé gur fhanadar i Melbourne, athaimníodh Footscray mar Western Bulldogs agus North Melbourne mar Kangaroos North Melbourne Football Club.
Foirne [athraigh]
Peileadóirí Éireannacha [athraigh]
Tá peil Astrálach an-chosúil le peil Ghaelach, agus cluiche gairmiúil atá ann. Mar sin, tá roinnt imreoirí Éireannacha ag imirt san AFL faoi láthair, mar shampla an Ciarraíoch Tadhg Kennelly.[1]
Tagairtí [athraigh]
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Peil Astrálach |