Cro-Magnon
Ba iad na Cro-Magnon na chéad daoine nua-aimseartha luath (luath Homo sapiens sapiens) de Phailéiliteach Uachtarach na hEorpa. Tugann meastachán radaiméadrach ar na hiarsmaí is luaithe atá ar eolas againn le fios gur mhair na daoine seo 35,000 bliain ó shin.
Sanasaíocht [athraigh]
Díorthaighan t-ainm ón Abri de Crô-Magnon (Fraincis: Carraig dídine Chrô-Magnon) in aice leis an común Les Eyzies-de-Tayac-Sireuil in iardheisceart na Fraince, áit a bhfuarthas an chéad eiseamal. Ba iad na Cro-Magnon na daoine (Homo sapiens) nua-aimseartha is sine ar eolas san Eoraip, agus ón tús ceanglaíodh iad leis an líníocht phluaise i Lascaux agus le chultúr Aurignach a d'fhás agus a tháinig i dtreis i nDeisceart na Fraince agus na Gearmáine. Mar a thángthas ar iarsmaí bhreis daoine nua-aimseartha i láithreáin seandálaíochta in Iarthar na hEorpa agus in áiteanna eile, rinneadh dul chun cinn i dteicníocht dátaithe sa 20ú haois, agus cuireadh fionnachtana nua leis an tacsanomaíocht.