Jump to content

Cro-Magnon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
"An seanfhear bunaidh Crómagnónach", Musée de l'Homme, Páras
Uirlis ó Cro-Magnon

Ba iad na Cro-Magnon (nó na Crómagnónaigh[1]) na daoine nua-aimseartha is luaithe (Homo sapiens sapiens) de Phailéiliteach Uachtarach na hEorpa. Glactar leo i measc antraipeolaithe mar fhréamhshamhail de Homo sapiens an lae inniu. Tugann meastachán radaiméadrach ar na hiarsmaí is luaithe atá ar eolas againn le fios gur mhair na daoine seo san Eoraip 35,000 bliain ó shin, sa ré Phléisticéineach

Ainmnítear na Crómagnónaigh as na pluaiseanna Abri de Crô-Magnon (Fraincis: Carraig dídine Chrô-Magnon) in aice leis an común Les Eyzies-de-Tayac-Sireuil in iardheisceart na Fraince, áit a bhfuarthas a gcreatlaigh, chomh maith le huirlisí cloiche agus iarmhair ainmhithe Artacha atá imithe in éag anois. Daoine arda ab ea iad, sárshealgairí a mhair i bpluaiseanna is scáthláin carraigeacha, ní hamháin in iarthar na hEorpa ach lár na hEorpa is an Rúis. D'fhágadar deilbhíní, greanadóireacht agus pictiúir cháiliúla ar bhallaí na bpluaiseanna. Ba iad na Cro-Magnon na daoine (Homo sapiens) nua-aimseartha is sine ar eolas san Eoraip, agus ón tús ceanglaíodh iad leis an líníocht phluaise i Lascaux agus le cultúr Aurignach a d'fhás agus a tháinig i dtreis i nDeisceart na Fraince agus na Gearmáine. Mar a thángthas ar iarsmaí bhreis daoine nua-aimseartha i láithreáin seandálaíochta in Iarthar na hEorpa agus in áiteanna eile, rinneadh dul chun cinn i dteicníocht dátaithe sa 20ú haois, agus cuireadh fionnachtana nua leis an tacsanomaíocht.[2]

  1. “Cro-Magnon” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-02.
  2. Hussey, Matt (2011). "Crómagnónach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 185.