Aodh Ó Néill
Iarla Thír Eoghain, agus bróicéir cumhachta par excellence,[1] ab ea Aodh Ó Néill (timpeall 1550 - 20 Iúil 1616), i gceannas ar fhórsaí na nGaeil i gCogadh na Naoi mBliana.
Achoimre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1594 thosaigh éirí amach in aghaidh riail Shasana in Éirinn. Mar thoradh air sin bhí Cogadh na Naoi mBliana. Ba é Iarla Thír Eoghain, Aodh Ó Néill, a bhí i gceannas ar an éirí amach (ba iad na Niallaigh agus a gcomhghuaillithe, na Dálaigh as Tír Chonaill agus muintir Mhig Uidhir as Fear Manach, an chuid dheireanach de na teaghlaigh chumhachtacha Ghaelacha).[2]
Bhí sé d’aidhm ag Aodh Ó Néill a neamhspleáchas i gCúige Uladh a chosaint, ach theip air.
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mac a bhí ann leis an bhFeardorcha Ó Néill, fear a rabhthas in amhras faoina dhlisteanacht, ach a bhí aitheanta mar mhac ag Conn Bacach Ó Néill, an chéad duine a ainmníodh mar Iarla Thír Eoghain ag Rialtas na Breataine.
Maraíodh an Feardorcha (nó Maitiú mar a thugtaí air chomh maith) agus na mic ba shine aige sa chogaíocht leanúnach a bhí idir Seán Ó Néill (Seán Donnaighleach), agus a ghaolta.
Tógadh an Niallach i gcúirt Shasana (ó naoi mbliana d'aois), áit a bhfuair sé oiliúint i mbeartaíocht na cogaíochta agus in ealaín na taidhleoireachta. Bhain sé úsáid mhór as an dá scil sin níos déanaí.
Rinneadh Barún Dhún Geanainn d'Aodh sa bhliain 1562. Chaith sé cuid mhaith dá óige le muintir Hoveneden sa Pháil.
D'fhill an Niallach ar Chúige Uladh sa bhliain 1567, tar éis do Sheán bás a fháil. Bhí an-mheas ar a intleacht ó thús, ach níor léir riamh go raibh tuairimí láidre creidimh aige.
Chabhraigh Ó Néill leis an tiarna Essex tailte Chlann Aodha Buí a scrios i 1574, agus chuidigh sé le hIarla Urmhumhan tailte na nGearaltach a bhánú i 1580. Bhí suíochán tiarna aige i bParlaimint Perrot i 1585 agus bhí sé i bpáirt le Perrot sa bhfeachtas in aghaidh na nAlbanach i gCúige Uladh.
Mar gheall ar a dhílseacht do rialtas Shasana, rinneadh Iarla Thír Eoghain de. Mar sin ghlac an Niallach seilbh ar na tailte uile a bhí ag a sheanathair. Ach bhí deacrachtaí aige le dlíthe Shasana a chur i bhfeidhm cé gur thug sé geallúintí go leor go raibh a dhícheall á dhéanamh aige.
Pósadh Achrannach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne an Niallach namhaid de Marshall Bagnal nuair a phós sé deirfiúr an fhir sin in ainneoin go raibh bean chéile aige cheana féin. Ag an am sin, 1594 bhí na tiarnaí Gaelacha eile i gCúige Uladh ag éirí amach in aghaidh Shasana - Ó Domhnaill, Mag Uidhir agus Mac Mathúna, agus chuaigh deartháir Aoidh i bpáirt leis na ceannaircigh.
Cuireadh i leith Uí Néill go raibh comhghuaillíocht bunaithe aige le Rí na Spáinne agus leis an bPápa agus go raibh teideal Gaelach, "Ó Néill" á úsáid aige.
D'ordaigh a Bhanríon an Niallach a ghabháil ach d'éalaigh sé as Baile Átha Cliath go Tír Eoghain agus i 1595 d'éirigh sé amach go hoscailte in aghaidh na Sasanach. Bhí arm maith curtha le chéile le tamall aige, agus neart armlóin acu, agus ba cheannaire míleata an-éifeachtach é. Chloígh sé arm Sasanach ag Cluain Tiobraid, ach lean sé air ag maíomh go raibh sé dílis don Bhanríon agus go raibh síocháin uaidh.
D'éiligh an Niallach saoirse do Chaitlicigh Uladh, ach diúltaíodh dó agus thosaigh an chogaíocht arís i 1597. Rinne Henry Bagenal ionradh ar Chúige Uladh le cúig mhíle fear ach bhuaigh Ó Néill an cath a troideadh ag Béal an Átha Buí.
Robert Devereux, Mountjoy agus Carew
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh ceannairí nua anonn as Sasana, an Tiarna Mountjoy agus George Carew. D'éirigh leo sin Cúige Mumhan a chur faoi chois. Mar sin, nuair a tháinig an chabhair a bhí iarrtha ag Ó Néill ón Spáinn go Cionn tSáile, bhí arm Shasana ábalta iad a chur faoi léigear láithreach.
Bheartaigh ceannairí Uladh ar a gcuid saighdiúirí a thabhairt aduaidh. Thimpeallaigh siad na Sasanaigh, ach ní raibh taithí ag na Gaeil ar an gcineál cogaíochta a cleachtadh ar thalamh oscailte na Mumhan.
Bhí bua éasca ag marcshlua Shasana orthu. Chúlaigh na hUltaigh abhaile agus lean orthu ag troid ar feadh cúpla bliain eile.
Géilleadh agus Teitheadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ghéill an Niallach faoi dheireadh nuair a gealladh pardún dó i 1603, ach cé gur bronnadh a chuid tailte ar ais air, bhí fiach leanúnach ar bun ag seirbhísigh agus ag 'adventurers' Sasanacha ar a chuid tailte féin agus ar thailte a chomhghleacaithe, féachaint lena theideal orthu a leagan. Mar gheall ar an ngéarleanúint a lean ar aghaidh, agus ar an gcontúirt go gcuirfí tréas fós ina leith, bheartaigh sé féin agus na taoisigh eile a bhí fágtha imeacht chun na Mór-Roinne ag iarraidh cabhair ar an Spáinn.[1]
Tugtar Teitheadh nó Imeacht na nIarlaí ar a n-imeacht. Thug long Bhriotánach go calafort Quilleboeuf (Le Havre) iad agus chuaigh an Niallach as sin go dtí Coláiste Naomh Antaine i Lováin san Ísiltír Spáinneach, agus as sin chun na Róimhe. Tharla go raibh conradh síochána sínithe idir an Spáinn agus Sasana. Mar sin níor theastaigh ó Rí na Spáinne an Niallach a ligean ar thalamh na Spainne, ach chuir an Pápa fáilte roimhe féin agus a theaghlach agus chuir an Niallach faoi sa Róimh go dtí gur éag sé ann sa bhliain 1616.
I gcaitheamh an ama sin níor stop sé ach ag iarraidh cabhair a fháil ón Spáinn le hionradh a dhéanamh ar Éirinn, nó ag iarraidh teacht ar réiteach le Rí Shasana.
Cuireadh an Niallach sa Róimh, san eaglais San Pietro in Montorio atá suite sa cheantar Trastevere. Is éard atá scríofa ar a thuama ná "Hugonis Principis Onelli".
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Theip ar Aodh Ó Neill smacht Shasana ar an tír a bhriseadh, Chuaigh an chumhacht sa cheann aige, ar mhaithe lena gcuid uaillmhianta féin a chur chun cinn.[1]
Ach ag an am céanna, chuaigh na hiarrachtaí a rinne an Niallach i gcion go mór ar Éireannaigh, agus déantar rómánsú ar a shaol fós. Sa leagan seo, ní hé amháin gur éirigh leis na Gaeil a bhí in árach a chéile i gCúige Uladh a aontú, agus gur éirigh leis tacaíocht forleathan a bhaint amach i measc Gaeil taobh amuigh de Chúige Uladh.
Leabhair liosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Hiram Morgan, Tyrone's Rebellion, The Outbreak of the Ninew Years War in Tudor Ireland, Woodbridge 1993
- Cyril Falls, Elizabeth's Irish Wars, Constable 1997
- S. G. Ellis, Ireland in the Age of the Tudors, Londain 1998
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 "O'Neill, Hugh | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-03-15.
- ↑ COGG. "Stór Staire". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-06-07. Dáta rochtana: 2022.