Coláiste Naomh Antaine
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Coláiste oiliúna do bhráithre Proinsiasacha Éireannacha a bhí i gColáiste Naomh Antaine i Lobháin (nó Coláiste na nGael) san Ísiltír Spáinneach, a bhí lárnach in fheachtas an frith-reifirméisin in Éirinn, agus i gcur chun cinn na litríochta clóite Gaeilge sa 17ú haois.
Clár ábhair |
[athraigh] Bunú an Choláiste
Bunaíodh Coláiste Naomh Antaine san Isiltír Spáinneach (An Bheilg) sa bhliain 1607 mar choláiste oiliúna do noibhéisigh agus do bhráithre Proinsiasacha as Éirinn. Ba é Flaithrí Ó Maolchonaire, bráthar Proinsiasach agus Easpag Thuama (1609), a bhunaigh an coláiste le cead Rí na Spáinne, Philip II. Ní raibh sa choláiste ar dtús ach foirgneamh beag a bhí ar chúl shéipéal Naomh Antaine. Ceal spáis b'éigean áit nua a lorg.
Bliain tar éis a bhunaithe tháinig Ó Néill, (Iarla Thír Eoghain) agus Ó Dónaill, Ruairí Ó Dónaill ar cuairt ar an gcoláiste ar an 9 Samhain 1607. Chaitheadar an geimhreadh sa choláiste sular thugadar aghaidh ó dheas ar an Róimh.
I 1617 tógadh an coláiste atá ann inniu.
[athraigh] An Chlólann
Ba ghearr go raibh an coláiste i gcroílár fheachtas na bProinsiasach in aghaidh an reifirméisin in Éirinn. Chuir na Proinsiasaigh rompu clólann a bhunú chun ábhar spioradálta a leathadh in Éirinn. Chuir siad clólann agus cló Gaelach á ndéanamh i 1611, agus ba an i 1616 a clóbhualadh leabhar an athar Fhaithrí féin, Desiderius, nó Sgathán an Chrábhaidh. I 1618 foilsíodh Scathán Shacramuinte na hAithrídhe le hAodh Mac Cathmhaoil (Aodh mac Aingil). Chomh maith leis na leabhair dhiaganta d'fhoilsigh na bráithre ábhar eile i nGaeilge.
B'as an gcoláiste a cuireadh Micheál Ó Cléirigh go hÉirinn chun ábhar a bhailiú do Annála na gCeithre Máistrí. D'fhoilsigh na Bráithre foclóir Gaeilge Uí Chléirigh sa bhliain 1643. Bhí an sagart Brian Mac Giolla Coinnigh ina ghairdian ar an gcoláiste ó 1637-1641, agus foilsíodh a Riaghuileacha Threas Uird S. Froinsias i Lobháin i 1641.
Ba i gColáiste Naomh Antaine a chaith an captaen Somhairle Mac Domhnaill deireadh a shaoil. Ceaptar gur ag an gcoláiste a d'fhág sé Duanaire Finn, an leabhar laoithe fiannaíochta a chur sé á scríobh c.1630.
[athraigh] Tagairtí
- Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lobháin, Tomás Ó Cléirigh, An Gúm, 1935, 1985
- Rialachas San Froinsias, Pádraig Ó Súilleabháin OFM, Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, 1953

