Alexis Carrel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Alexis Carrel

Bitheolaí a rugadh i Ste Foy-lès-Lyon na Fraince ab ea Alexis Carrel (28 Meitheamh 1873 - 5 Samhain 1944). Agus é ag obair sna Stáit Aontaithe, d'aimsigh sé bealach chun fuileadáin a uamadh, agus ina dhiaidh sin b'fhéidir artairí a athsholáthar trí thrasphlandú, is níos déanaí trí ionchlannú le hartairí saorga. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine as i 1912. Rinne sé an-chuid taighde ar fhadú beatha fíochán. Le Henry Dakin (18801952), shaothraigh sé tuaslagán Dakin chun gortuithe doimhne a steiriliú.