Trasphlandú Orgán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is trasphlandú orgán (nó trasphlandú leis féin scaití) ann ná aistriú orgáin nó fíocháin ó dhuine amháin chuig duine eile mar chóir leighis. Muna leathphéire comhionann leis an deontóir an faighteoir, spreagann an nódú seo frithghníomh imdhíonach, chomh dian go bhféadfaidh sé an fíochán trasphlandaithe a mhilleadh go hiomlán. Tarlaíonn an frithghníomh seo de bharr próitéiní coimhthíocha a thabhairt isteach don fhaighteoir. Is féidir é a rialú a bheag nó a mhór le drugaí imdhíonathoirmiscthe, agus is lú é i gcomhréir dhíreach le dlúithe an ghaoil idir deontóir is faighteoir. Trasphlandaíodh na fíocháin is na horgáin seo go rathúil: fuil is fochoda na fola, smior cnáimhe, duán, ae, croí, is scamhóga i gcásanna cliseadh géar orgán. Faightear fíochán le trasphlandú ó dheontóirí beo is corpáin chuí. Tá an choirne, i dtosach na súile, á trasphlandú ó na 1930idí, ach sa chás seo níl aon cheist go dtarlóidh frithghníomh imdhíonach. Is féidir coirní a choinneáil i mbainc stórála is a úsáid chun daille de bharr dochair do thosach na súile, mar a tharlaíonn i gcatarachtaí, a leigheas.