Máinliacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarMáinliacht
cuir in eagar
Cineálclinical sciences (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
UMLS CUIC0038894 Cuir in eagar ar Wikidata

Craobh den leigheas é an mháinliacht a bhaineann le galair a bhfuil leigheas orthu tré obráid, agus leis na modhanna a n-úsáidtear leis an leigheas sin a chur ar bun. Tugtar máinlia ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar a leithéid d'othair, agus a dhéanann na hobráid, go háirithe nuair is comhairleoir leighis é.

In ospidéil is mó a dhéanann máinlianna a gcuid oibre in Éirinn, ach i dtíortha eile, tugann máinlianna go leor comhairle agus déanann siad a lán obráid ina gcuid seomraí freastal féin, go háirithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Go traidisiúnta in Éirinn, dheineadh máinlianna ghinearálta an méid is mó obráid, ach de réir a chéile anois is saineolaithe a dhéanann cuid mhór den obair. Ag an am chéanna, táthar ag dúnadh ospidéil beaga agus ag cur roinn um mháinliacht speisialtach ar bun sna cinn a fhanann. Mar shampla, tá máinlianna ann nach ndéanann ach obráid ar an gcóras néarach, ar a dtugtar néaramháinlia.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]