Aigéad ocsalach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aigéad carbocsaileach é an t-aigéad ocsalach, HOOCCOOH atá le fáil go nádúrtha sa dúlra. Tá móilín an aigéid seo comhdhéanta as dhá ghrúpa charbocsaileacha, -COOH, agus ós dual don iomaí adamh ocsaigine sin na leictreoin a tharraingt chucu, tá an t-aigéad seo níos láidre ná an t-aigéad carbocsaileach tipiciúil. Ocsaláití a thugtar ar shalainn an aigéid ocsalaigh, agus tá ocsaláití a lán miotal dothuaslagtha san uisce. Sampla de sin is ea an ocsaláit chailciam, Ca(COO)2, arb í príomh-chomhábhar na gcloch duáin í.

Tá aigéad ocsalach le fáil sa bhiabhóg (is é sin, an rúbarb), sa samhadh, sna duilleoga tae, sa ruán (is é sin, lús na gcearc), sa pheirsil, i síolta an phoipín, agus a lán eile.

Úsáidtear aigéad ocsalach leis an meirg a bhaint den iarann nó leis an iarann a bhaint de na mianraí, nó le haghaidh glantacháin de chineál eile. Buanaitheoir dathanna é freisin, agus is féidir laíon adhmaid a bhléitseáil leis.