Piseánach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda bliantúil géagach a fhásann 50 cm nó níos mó ar airde. Na duilleoga bosach le 7-17 duilleoigín ubhchruthach fiaclach faireogach giobach. Na pisbláthanna bán nó scothghorm, ina n-aonar ar ghais fhada. Na cochaill borrtha, dé-shíoltach de ghnáth. Is dócha go bhfuil sé dúchasach don Áise, ach saothraíodh ón aimsir réamhstaire é mar phlanda foráiste agus ar son na síolta móra roctha inite.