Biabhóg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Luibh ilbhliantúil fhadsaolach atá gaolmhar le copóg, dúchasach don tSibéir. Na duilleoga íochtaracha mór croíchruthach tonnach, le gais ghlasa nó dhearga. Is féidir go mbeidh na duilleoga nimhiúil. Na bláthanna beag bán le 6 pheiteal i mbláthra mór spréite. Saothraítear roinnt hibridí is saghsanna nádúrtha ceansaithe ar son na ngas inite.