Briúlán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda díreach ilbhliantúil a dhéanann dois, dúchasach don Eoraip, iarthar na hÁise is tuaisceart na hAfraice. Na duilleoga bunata den chuid is mó, rud beag scothghorm, cleiteach le duilleoigíní ubhchruthacha fiaclacha; na bláthanna i gceann cruinneogach le 4 shiopal, gan aon pheiteal. Fásann an briúlán sailéid 40 cm ar airde, le bláthanna glasa nó imir chorcra. Boladh an chúcamair óna fhásra brúite. Is mó an briúlán mór, a fhásann 60 cm ar airde agus a mbíonn bláthanna dúdhearga air.