Raidis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda bliantúil nó débhliantúil le fréamh tiúbrach, duilleoga liopacha neamhrialta, agus bláthanna i bhfoirm croise, bán go dtí scothchorcra. Níl eolas ar a bhunús, ach in úsáid mar ghlasra ó aimsir na nÉigipteach ársa. Maidir le raidisí samhraidh, bíonn siad beag ach fásann go tapa. Bíonn na raidisí geimhridh mór, suas le 250 g, ach fásann go mall. Tá an raidis fhiáin gaolmhar léi, fréamhacha caola is bláthanna a bhíonn go minic buí aici.