Lus na bailbhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda síorghlas ilbhliantúil atá dúchasach do Mheiriceá trópaiceach. Na duilleoga mór caol ubhchruthach le gais fhada, go minic buí nó bán ildathach. Na bláthanna i spáideog is spáidín mór timpeall uirthi. Má itear é, cuireann an súlach searbh tús le hat na teanga is na scornaí, agus is uaidh seo a thagann an t-ainm.