Yn Chruinnaght
Cineál | féile chultúrtha |
---|---|
Tír | Oileán Mhanann |
Is féile chultúrtha in Oileán Mhanann é Yn Chruinnaght (Gaeilge: An Cruinniú[1], nó An Tionól).[2] Ceiliúradh ar cheol, teanga, agus cultúr an oileáin atá ann, agus ar na nascanna cultúrtha leis na tíortha Ceilteacha eile.
Stair na féile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh réamhtheachtaí Yn Chruinnaght sa bhliain 1924, féile darb ainm Cruinnaght Vanninagh Ashoonagh (Tionól Náisiúnta Mhanann). Ba é William Cubbon, an dara Stiúrthóir ar Mhúsaem Mhanann agus Cisteoir Oinigh ar Yn Çheshaght Ghailckagh (Cumann Gaelach Mhanann) agus ar an World Manx Association (WMA), a cheap an fhéile i dtús báire.
Dúradh sna cláir ó thús ré na féile go “n-eagraítear Yn Cruinnaght Vanninagh Ashoonagh faoi scáth an World Manx Association agus Yn Çheshaght Ghailckagh mar chomóradh ar ár Mórfhile Náisiúnta agus chun an meon náisiúnta a chaomhnú.” Ba é Thomas Edward Brown (1830–1897) an “mórfhile náisiúnta” a bhí i gceist. D'fhoilsigh Macmillan a chuid dánta, ina measc, véarsaí fada i gcanúint Bhéarla Mhanann (le roinnt focal Manainnise iontu).
Bhí William Cubbon ina eagarthóir ar Ellan Vannin, iris an WMA, agus bhain sé úsáid as an iris chun Cruinnaght Vanninagh Ashoonagh a eagrú. Féile iomaíoch aon lae a bhí ann, a reáchtáladh thart ar Lá Samhna, le rannpháirtithe ón Oileán (cé gur tháinig duine amháin ar a laghad de na moltóirí, an Dr. J E Lyon, ó thaobh amuigh den Oileán). Bhí Archibald Knox, J J Kneen, agus Mona Douglas ina mbaill d'fhochoistí éagsúla. Bhí amhránaíocht (Gaeilge Mhanann san áireamh), ceol, ealaíona, ceardaíocht, agus cócaireacht ann. Tháinig deireadh leis an bhféile nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda.
Athbheochan iarchogaidh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí rún ag Mona Douglas, ceann de na daoine ba mhó le rá i gcúrsaí cultúir thraidisiúnta Mhanann, Yn Chruinnaght a athbheochan mar fhéile náisiúnta. Mar gheall ar an athbheochan chultúrtha a thosaigh ag deireadh na 1960idí, bhí athbhrí sa Mhanainnis, sa cheol traidisiúnta, agus go háirithe sa damhsa ar an oileán. D’aithin sí go bhféadfadh Yn Chruinnaght béim a chur ar ghníomhaíochtaí cultúrtha agus aitheantas níos fearr a thabhairt do chultúr traidisiúnta Mhanann, go háirithe i gcomhthéacs féile idir-Cheiltí.
Sa bhliain 1977, d’eagraigh Douglas Feailley Vanninagh Rhumsaa (Féile Mhanannach Rhumsaa) a reáchtáladh i gcomhar leis an eagraíocht Ellynyn ny Gael (Ealaín na nGael). Fógraíodh sa chlár “go ndéanfaí athbheochan ar an bhféile in Rhumsaa Lúnasa–Meán Fómhair 1978, agus ag an am sin, beidh sí ina Féile Idir-Cheilteach cúig lá”. Tharla an fhéile sin idir an 21ú agus an 25ú lá de mhí Lúnasa, 1978.
Féile Idir-Cheilteach
[cuir in eagar | athraigh foinse]I gcodarsnacht le Cruinnaght Vanninagh Ashoonagh a bhí dírithe ar chultúr Oileán Mhanann amháin, cheap Mona Douglas Yn Chruinnaght ina foirm nua-aimseartha mar fhéile idir-Cheilteach a thabharfadh deis do na sé náisiún Cheilteacha páirt a ghlacadh: Oileán Mhanann, an Bhriotáin, Éire, Albain, an Bhreatain Bheag agus Corn na Breataine. Bhí áthas ar leith ar Mona Douglas go bhfuair Yn Chruinnaght aitheantas oifigiúil ó Oireachtas na Gaeilge in Éirinn, ó Gorsedd y Beirdd agus Eisteddfod Genedlaethol sa Bhreatain Bheag, agus Am Mòd in Albain.
Bhí imeachtaí ar siúl ar fud an Oileáin mar chuid de Yn Chruinnaght, ach ba é Rhumsaa an príomhláthair ó 1978 go 2006. Bhí dlúthchaidreamh idir Yn Chruinnaght agus Rhumsaa thar na blianta. Bhain an fhéile úsáid as ionaid agus áiseanna ar fud an bhaile, lena n-áirítear óstáin éagsúla, Halla an Bhaile, séipéil éagsúla agus fiú an margadh beostoic. Nuair nach raibh roinnt de na hionaid seo ar fáil, baineadh úsáid as ollphuball mar phríomhláthair na féile. Sa bhliain 2007, ní raibh an áit inar cuireadh an t-ollphuball ar fáil a thuilleadh, agus aistríodh príomhláthair na féile go dtí an Centenary Centre i bPurt na hInse.
Léitheoireacht bhreise
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Kevin P. Scannell (10 Feabhra 2016). "Foclóir Manainnis-Gaeilge": lch 45.
- ↑ “Yn Chruinnaght”. isleofman.com. Manx Telecom Trading Ltd. Dáta rochtana: 8 June 2018.