An Mód Náisiúnta Ríoga
| ||||
| Cineál | féile | |||
|---|---|---|---|---|
| Bailíocht | 1892 - | |||
| Mí na bliana | Deireadh Fómhair | |||
| Suíomh | 1946, 1955, 1964, 1976: Obar Dheathain, Scotland 1993: An t-Àrd-Rèidh, Scotland 1969: An Aghaidh Mhòr, Scotland 1973: Inbhir Àir, Scotland 1996: Blár Ghobhraidh, Scotland 1905, 1931, 1991: Inbhir Pheofharain, Scotland 1902, 1913, 1937, 1959, 1974: Dún Dé, Scotland 1930, 1950, 1968, 1994, 2000, 2006, 2012, 2018: Dùn Omhain, Scotland 1975: Cille Bhrìghde an Ear, Scotland 1899, 1910, 1919, 1928, 1935, 1951, 1960, 1986: Dún Éideann, Scotland 2008: An Eaglais Bhreac, Scotland 1922, 1927, 1932, 1981, 1985, 1999: An Gearasdan, Scotland 1895, 1901, 1907, 1911, 1921, 1933, 1938, 1948, 1958, 1967, 1988, 1990, 2019: Glaschú, Scotland 1977, 1995: Goillspidh, Scotland 1904, 1925: Grianaig, Scotland 1897, 1903, 1912, 1923, 1936, 1949, 1957, 1966, 1972, 1984, 1997, 2014, 2021: Inbhir Nis, Scotland 1956, 1965, 2002: An Leargaidh Ghallda, Scotland 2007, 2017: Loch Abar, Scotland 1983: Tobar na Màthar, Scotland 1892, 1893, 1894, 1898, 1906, 1920, 1926, 1934, 1953, 1962, 1970, 1978, 1992, 2003, 2009, 2015: An t-Òban, Scotland 2013, 2022: Pàislig, Scotland 1896, 1900, 1924, 1929, 1947, 1954, 1963, 1980, 2004: Peairt, Scotland 1908, 1952: Baile Bhòid, Scotland 1982: An t-Eilean Sgitheanach, Scotland 1998: An t-Eilean Sgìtheanach agus Loch Aillse, Scotland 1909, 1961, 1971, 1987: Sruighlea, Scotland 1979, 1989, 2001: Steòrnabhagh, Scotland 2010: Inbhir Theòrsa, Scotland 2005, 2011, 2016: Inse Ghall, Scotland | |||
| Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
| Eagraí | An Comunn Gàidhealach | |||
| Seánra | filíocht | |||
Is é an Mód Náisiúnta Ríoga nó Mòd na hAlban (Gaeilge na hAlban: Am Mòd Nàiseanta Rìoghail) an phríomhócáid chultúrtha i saol Ghaeilge na hAlban.
Tá an fhéile chultúrtha seo inchurtha le hOireachtas na Gaeilge in Éirinn agus leis an Eisteddfod Genedlaethol sa mBreatain Bheag.
Chuir an Comunn Gàidhealach (Cumann Gaelach) an Mòd ar bun sa mbliain 1892 agus bíonn an Mòd ar siúl go rialta uair amháin in aghaidh na bliana sa bhfómhar.

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh an Mòd in 1892 agus aistrítear go ceantar eile é gach bliain. Bhronn an Bhanríon Eilís II an teideal Rìoghail air in 1992, mar aitheantas ar an gceangal idir teaghlach ríoga na Breataine agus An Comunn Gàidhealach, lucht eagraithe na féile.
Le linn do Rí Séarlas III freastal ar an Mhòd in 2010, chosain sé comharthaí bóthair dátheangacha agus chríochnaigh a óráid leis an mana “Suas leis a’ Ghàidhlig!”.[1]
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn a lán comórtas ar siúl ag an Mòd agus duaiseanna le haghaidh na mbuaiteoirí, mar shampla comórtais bhéalaithrise, sean-nós, amhráin Ghaeilge na hAlban, cóir Ghaeilge na hAlban, ceol traidisiúnta, comórtais ionstraime – an fhidil, an phíb mhór agus an chláirseach ina measc. Bíonn comórtais i litríocht, léamh filíochta nó an Bhíobla ann agus ealaíona eile freisin. Ar ndóigh, bíonn céilithe ar siúl chuile oíche.
Bíonn camanachd (iománaíocht na hAlban) agus peil ag an Mòd chomh maith agus clár spéisiúil le haghaidh Imeall an Mhòid, le ceol, ceardlanna agus óráidí. Tarraingíonn na comórtais go leor daoine chun an Mhòid gach bliain agus is minic a bhíodh slua maith ann, go háirithe ag comórtais na clainne.
Anois, de bhrí go bhfuil cainéal teilifíse i nGaeilge na hAlban, bíonn an Mòd le feiceáil ar BBC Alba. Craolann Radio nan Gàidheal na buaicphointí chomh maith.
Bíonn an Mòd ann chuile bhliain i Mí Dheireadh Fómhair in áiteanna éagsúla ar fud na hAlban. D’fhreastail breis agus 11,000 duine ar an Mhòd in 2026 i nGlaschú.[1]
Suíomhanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Suíomhanna an Mhóid le blianta beaga anuas:
- 2000 – Dún Omhain
- 2001 – Steòrnabhagh
- 2002 – An Leargaidh Ghallda
- 2003 – An t-Òban – an 100ú Mòd Náisiúnta Ríoga
- 2004 – Peairt
- 2005 – Steòrnabhagh
- 2006 – Dùn Omhain
- 2007 – Loch Abar
- 2008 – An Eaglais Bhreac
- 2009 – An t-Òban
- 2010 – Gallaibh
- 2011 – Na h-Eileanan Siar
- 2012 – Dùn Omhain
- 2013 – Pàislig
- 2014 – Inbhir Nis
- 2015 – An t-Òban
- 2016 – Na h-Eileanan Siar
- 2017 – Loch Abar
- 2018 – Dùn Omhain
- 2019 – Glaschú
- 2020 – ar ceal de dheasca na Cóibhide
- 2021 – Inbhir Nis
- 2022 – Peairt
- 2023 – Pàislig
- 2024 – An t-Òban
- 2025 – An Gearasdan, Loch Abar
- 2026 – Glaschú
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Am Mòd Curtha i gcartlann 2008-10-15 ar an Wayback Machine (Gàidhlig)
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Dubhaltach Mac Conmidhe (2026-11-06). "Breis agus 11,000 duine ag Mòd na hAlban i nGlaschú". An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-11-06.
