Jump to content

Gorsedd y Beirdd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaGorsedd y Beirdd
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálgorsedd Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáingorsedd.cymru Cuir in eagar ar Wikidata

Is cumann filí, scríbhneoirí, ceoltóirí agus daoine mór le rá eile i saol cultúrtha na Breataine Bige é Gorsedd CymruYr Orsedd. Bhunaigh Iolo Morganwg é mar Gorsedd Beirdd Ynys Prydain i Londain sa bhliain 1792 agus baintear leas as an teideal iomlán seo mar ainm searmanais.[1] I mí Lúnasa 2019 socraíodh an t-ainm Gorsedd Cymru a ghlacadh seachas Gorsedd y Beirdd.

Tá trí ghrúpa de bhaill a bhaineann leis an Gorsedd agus tá a dhath féin ar gach grúpa. Bíonn an tArd-Draoi as measc na ndaoine a chaitheann bán i gcónaí. Is féidir leat a bheith i do bhall ach pas a fháil i scrúdú, a bheith roghnaithe le bheith i do bhall nó tríd an gcathaoir, an choróin nó an Bonn Próis ag an Eisteddfod Náisiúnta a bhuachan. Chomh maith le bheith ar stáitse an Eisteddfod Náisiúnta tagann an Orsedd le chéile i gCiorcal an Orsedd. Uair amháin, reáchtáladh cruinniú den Ghorsedd, thar sáile sa Bhriotáin.