William Cubbon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaWilliam Cubbon

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Bealtaine 1865
Colby, Oileán Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Eanáir 1955
89 bliana d'aois
Brentwood, England Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstaraí, leabharlannaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis, Béarla agus Gaeilge Mhanann

Ba náisiúnaí Manannach é William Cubbon MA (28 Bealtaine 1865 - 1 Eanáir 1955), a bhí freisin ina sheanóir, ina údar, ina fhear gnó agus ina leabharlannaí agus ba é an chéad rúnaí ar Iarsmalann Mhanann é, agus ina dhiaidh sin bhí sé ina Stiúrthóir ar an Iarsmalann [1][2][3]

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh William Cubbon sa sráidbhaile beag Croit na Caillí i bparóiste Rosien, Oileán Mhanann, ar 28 Bealtaine 1865.[4] Bhí a athair, James Cubbon, ina Mháistirmhairnéalach a tháinig ó Phort Mhuire.[1][2][3]

Gnó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó an scoil a fhágáil, chuaigh Cubbon i mbun fostaíochta leis an Isle of Man Examiner mar chló-eagraí agus sa bhliain 1900, in éineacht le Horace Lightfoot, cheannaigh Cubbon an nuachtán an Manx Sun. Faoi úinéireacht Cubbon agus Lightfoot, d'fhorbair an Manx Sun polasaí eagarthóireachta a raibh seasamh náisiúnach aige agus i dteannta a dhílseánacht nuachtáin, bhí baint mhór ag Cubbon le cur chun cinn stair agus cultúr Mhanann.[1][2][3]

Sa bhliain 1906, ghlac an Isle of Man Examiner seilbh ar an 'Manx Sun' agus a ghnó, agus chuaigh Cubbon i bpáirt arís leis an chomhlacht mar bhainisteoir an ghnó stáiseanóireachta.[1][2][3]

Ag fágáil an 'Examiner' sa bhliain 1912, ceapadh Cubbon ina Leabharlannaí Buirge i nDúlais (Oileán Mhanann)Doolish ; sa tréimhse seo d’fhoilsigh sé A Manx Book of Poetry (1913), a bhí dírithe go háirithe ar dhaoine óga le súil go mbeadh fonn orthu a bheith páirteach i gcultúr Oileán Mhanann. D'fhoilsigh sé freisin sraith léarscáileanna a léireodh na Trianta Seana (rannáin na bparóistí) agus na rannáin talún i sé sheadings an oileáin, mar aon le hainmneacha na bpríomh-úinéirí talún. Le linn an Chéad Chogadh Domhanda, ceapadh Cubbon ina bhainisteoir ar an Malartán Saothair.[1][2][3]

Iarsmalann Mhanann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1922 bunaíodh Iarsmalann Mhanann ar an suíomh a bhí ag Noble's Hospital i nDúlais (Oileán Mhanann). Ceapadh Philip Kermode mar stiúrthóir na hIarsmalainne agus ceapadh Cubbon mar rúnaí.[1][2][3] Tar éis do Kermode bás a fháil sa bhliain 1932 tháinig Cubbon i gcomharbacht air mar stiúrthóir, post a bhí aige go dtí go ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 1940, nuair a tháinig Basil Megaw FRSE ina áit. Ba é ceann de na chéad ghnóthais a rinne Cubbon ina ról mar rúnaí ná na hinnéacsanna agus roinnt aguisíní eile leis an Urr. Theophilus Talbot', an Manorial Roll a d'aistrigh sé go Béarla, a dtugtar an Manx Doomsday Book a tiomsú, agus a foilsíodh sa bhliain 1924.

Deirtear gur gur thírghráthóir paiseanta ab ea é maidir le hOileán Mhanainn, a deirtear gurbh é a cheapachán mar Stiúrthóir ar Iarsmalann Mhanann an uaillmhian ba mhó a bhí ag Cubbon. Sa bhliain 1899 chuidigh sé le bunú Yn Çheshaght Ghailckagh, (Gaeilge na hÉireann: An Cumann Gaelach) agus bhí sé ina rúnaí agus ina uachtarán ar an chumann. Mar thoradh air seo, bhí sé ina phearsa fhuinniúil i gCumann Stair an Dúlra agus Ársaíochta, ag fónamh arís i ról an uachtaráin.[1][2][3] Le linn a chuid ama ag Iarsmalann Mhanann, thiomsaigh Cubbon an Bibliography of the Literature of the Isle of Man, a foilsíodh in dhá eagrán sa bhliain 1933 agus 1939; rinne sé go leor taiscéalaíochta don Chumann Ársaíochta agus thug sé léacht ar ábhair éagsúla.[1][2][3]

Ag aois 85 thosaigh Cubbon ag obair ar a Island Heritage, a foilsíodh sa bhliain 1952.[1][2][3]

Onóracha agus duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar aitheantas ar a chuid éachtaí fuair William Cubbon an chéim Máistreacht sna hEalaíona ó Ollscoil Learpholl. Thug Rialtas na hIorua Ridiríocht Ord Naomh Olav dó.[1][2][3]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair William Cubbon bás i dteach a mhic, Brentwood, Essex ar Lá Caille, 1955.[1][2][3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • PMC Kermode
  • Josephine Kermode
  • Thomas Allen (údar Manainnis)
  • John Kneen
  • W. Clucas Kinley
  • Músaem Mhanainnis

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.00 1.01 1.02 1.03 1.04 1.05 1.06 1.07 1.08 1.09 1.10 Isle of Man Examiner Yearbook 1914.
  2. 2.00 2.01 2.02 2.03 2.04 2.05 2.06 2.07 2.08 2.09 2.10 Isle of Man Times. Friday, January 07, 1955; Page: 4
  3. 3.00 3.01 3.02 3.03 3.04 3.05 3.06 3.07 3.08 3.09 3.10 "William Cubbon". manxliterature.com.
  4. Mona's Herald. Wednesday, May 27, 1955