Músaem Mhanann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Músaem Mhanann
Íomhá
Sonraí
CineálMúsaem réigiúnach agus músaem náisiúnta
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinOileán Mhanann
Map
 54°09′14″N 4°28′55″W / 54.154°N 4.482°W / 54.154; -4.482
Suíomh gréasáin oifigiúilmanxnationalheritage.im…

Is é Músaem Mhanann (Thie Tashtee Vannin) i nDúglas, Oileán Mhanann iarsmalann náisiúnta Oileán Mhanann. Tá sé á reáchtáil ag Oidhreacht Náisiúnta Mhanann. Go ginearálta, clúdaíonn an músaem 10,000 bliain de stair Oileán Mhanann ón gClochaois go dtí an lae inniu.[1]

Feidhmíonn an músaem mar cheanncheathrú d’Oidhreacht Náisiúnta Mhanann.[2] Níl aon bhaint ag an músaem leis an institiúid a bhunaigh Trevor Ashe Trevor Ashe sa bhliain 1825.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar thoradh ar an 'Manx Museum and Ancient Monuments Act' de 1886 cruthaíodh iarsmalann náisiúnta d’Oileán Mhanann agus é mar aidhm aige oidhreacht chultúrtha agus stairiúil an oileáin a chaomhnú.[3] Cé go raibh institiúid ann roimhe seo ar Oileán Mhanann ar a dtugtar an Manx Museum, a bhunaigh an fiontraí, údar agus foilsitheoir Trevor Ashe sa bhliain 1825, níl aon bhaint aige le Músaem Mhanann atá á reáchtáil ag Oidhreacht Náisiúnta Mhanann (Manx National Heritage) .

Tá cuid den Mhúsaem Mhanann lonnaithe i i bhfoirgneamh bunaidh Ospidéal Noble (Noble's Hospital). Ba í Rebecca Noble, bean chéile an daonchara agus fear gnó Henry Bloom Noble, a thiomnaigh an suíomh ar Crellin's Hill i nDúglas in 1885. Leag Rebecca Noble an bhunchloch ach níor mhair sí chun an foirgneamh a oscailt go hoifigiúil..[4]

Tar éis Ospidéal nua Noble ar Bhóthar Westmoreland a oscailt sa bhliaini 1912,[5] bhí an foirgneamh folamh ar feadh beagnach deich mbliana go dtí gur tugadh an foirgneamh ar láimh d'iontaobhaithe Iarsmalann Mhanann..[6][7] Osclaíodh Músaem Mhanann ar 2 Samhain 1922 agus Philip Moore Callow Kermode ina stiúrthóir air.[8][9]

Leathnaíodh an músaem agus athmhúnlaíodh go mór é idir 1986 -89agus bhí léachtlann agus amharclann scannán, agus dánlann i gceist leis an síneadh mór.[6] D’athoscail an Bhanríon Eilís II, Tiarna an músaem go hoifigiúil sa bhliain 1989.[10]

Taispeántais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Taispeántas a thaispeánann turasóireacht ar Oileán Mhanann

Seachas roinnt taispeántas buan ó stair seandálaíochta Oileán Mhanann go bailiúchán na staire nádúrtha, taispeántar roinnt taispeántas sealadach le téamaí faoi leith gach bliain.

Gach samhradh taispeántar taispeántas a chlúdaíonn rásaí agus rásaíocht gluaisrothar.[11]

I measc na dtaispeántas eile le déanaí bhí This Terrible Ordeal inar díríodh ar thaithí mhuintir Mhanann sa Chéad Chogadh Domhanda,[12] agus saothar ealaíne an ealaíontóra Bhriotánaigh William Hoggatt.[13][14]

Cuairteoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Race prepared road bike with race number 41, a large shiny aluminium fuel tank and streamlined top half fairing with dropped handlebars in front of a wall mounted large painting of Mike Hailwood in 1978 on a TT race prepared Ducati leading Phil Read on a Honda flanked by twin chequered flags
An gluaisrothar 'Suzuki T500', ullmhaithe ag Eddie Crooks, a bhuaigh an rás (Production Class TT) sa bhliain 1970 a bhí rothaithe ag Frank Whiteway, ar taispeáint sa Mhúsaem Mhanann.[15][16]

Sa bhliain 2018 dúirt Oidhreacht Náisiúnta Mhanann go dtagann 100,000 cuairteoir go dtí Músaem Mhanann ar an meán gach bliain. Bhí an figiúr seo faoi dhíospóid ag nuachtáin Oileán Mhanann, tar éis iarratas saorála faisnéise a fuarthas amach go raibh na huimhreacha taifeadta i bhfad níos lú ná mar a measadh.

Léirigh an freagra SF gur chomhaireamh MNH 63,953 cuairteoir isteach sa mhúsaem in 2015, b’ionann sin agus 68,602 in 2016 agus 72,661 in 2017, cé gur ionann na huimhreacha agus méadú de 8,708 cuairteoir thar thréimhse trí bliana, is é seo fós 27,339 níos lú na an líon a mhaígh MNH.[17]

Dúirt an Músaem, mar gheall ar athmhúnlú ar cheann de bhealaí isteach an Mhúsaeim, “gur léir gur gá an mhodheolaíocht a úsáidimid chun cuairteoirí agus úsáideoirí a mheas a nuashonrú”.

Áiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá páirceáil teoranta, siopa, caifé ag an músaem agus bíonn sé oscailte go laethúil. Tá an Dánlann Náisiúnta Ealaíne agus Leabharlann agus Cartlann Náisiúnta Mhanann suite ar an suíomh freisin.[18]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Músaem Mhanann Mheiriceá Thuaidh i Wisconsin, Stáit Aontaithe Mheiriceá
  • Caisleán Roisín
  • Teach Manannáin

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. [1]
  2. Isle of Man Guide: Manx Museum
  3. History of the Society”. Isle of Man Natural History and Antiquarian Society. Dáta rochtana: 28 September 2020.
  4. "Death of Mrs H.B. Noble". Manx Sun (14 January 1888). Dáta rochtana: 28 September 2020.
  5. 1888 – Nobles Hospital & Dispensary, Isle of Man”. Archiseek. Dáta rochtana: 28 September 2020.
  6. 6.0 6.1 Isle of Man Guide: Manx Museum”. Dáta rochtana: 7 December 2016. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "iomguide" defined multiple times with different content
  7. Papers of the Henry Bloom Noble Trust. Archives Hub. Retrieved 28 September 2020.
  8. "A Great National Possession: the Museum at Last". Isle of Man Examiner (3 November 1922). Dáta rochtana: 28 September 2020.
  9. "A Great Manxman Gone Mr William Cubbon Dies in London". Isle of Man Times (7 January 1955). Dáta rochtana: 28 September 2020.
  10. Manx Museum”. Douglas Borough Council (13 February 2016). Dáta rochtana: 28 September 2020.
  11. "TT exhibition extended". Manx Radio (19 September 2007). Dáta rochtana: 28 September 2020.
  12. "Isle of Man community focus in WW1 exhibition". BBC (7 February 2014). Dáta rochtana: 28 September 2020.
  13. William Hoggatt”. Manx National Heritage. Dáta rochtana: 28 September 2020.
  14. Caine (16 March 2020). “Isle of Man: William Hoggatt Work Exhibited at Manx Museum”. Transceltic. Dáta rochtana: 28 September 2020.
  15. Frank Whiteway race image race number #41 at Bray Hill iomtt.com Retrieved 16 September 2021
  16. Suzuki and Manx National Heritage special summer exhibition easier.com, 28 May 2010. Retrieved 16 September 2021
  17. "Doubts over museum's statistics on visitors". IOM Today (9 April 2018). Dáta rochtana: 20 October 2020.
  18. Manx Museum – Thie Tashtee Vannin”. Manx National Heritage. Dáta rochtana: 28 September 2020.