William Whitelaw
Státrúnaí Thuaisceart Éireann idir 1972-1973 agus leas PhríomhAire de facto ar an Ríocht Aontaithe (1979-1988) ab ea William Whitelaw MP (28 Meitheamh 1918 – 1 Iúil 1999).
Cainteanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1972, thosaigh idirbheartaíocht faoi choim idir Whitelaw agus an IRA.[1] Bhí na Sealadaigh féin sásta sos cogaidh a ghlacadh le dul i gcomhchainteanna leis an Rialtas Briotanach. Ar an 7 Iúil 1972, bhuail William Whitelaw le toscaireacht an IRA Shealadaigh, ar a raibh Seán Mac Stiofáin, Séamus Ó Tuama, Dáithí Ó Conaill, Gearóid Mac Ádhaimh agus Máirtín Mac Aonghusa, faoi rún i Londain.
Is iad na héilimh a chuir Seán Mac Stiofáin os comhair Whitelaw ná:
- go bhfógródh rialtas na Ríochta Aontaithe go poiblí go raibh sé i bhfách le muintir oileán na hÉireann go léir a dtuairim a thabhairt agus vóta a chaitheamh chun todhchaí na hÉireann a shocrú;
- go bhfógródh rialtas na Ríochta Aontaithe go nglanfadh na saighdiúirí Briotanacha as Éirinn roimh an 1 Eanáir 1975;
- go mbaileodh na saighdiúirí Briotanacha leo láithreach as na ceantair ghoilliúnacha;
- go bhfaigheadh na cimí polaitiúla pardún ginearálta;
- go gcuirfí deireadh ar an toirt le hoibríochtaí armtha na saighdiúirí Briotanacha, agus
- go n-éireofaí as an imtheorannú gan mhoill.
Is léir nach raibh Whitelaw sásta glacadh leis na héilimh seo. Go bunúsach, bhí sé fonnmhar leasuithe sóisialta a chur i gcrích le maolú ar chruachás na gCaitliceach i dTuaisceart Éireann, agus shíl sé go bhféadfadh sé cuidiú a fháil ó thoscaireacht na Sealadach leis na leasuithe seo a dhréachtú agus a phleanáil.
Maidir leis na toscairí, áfach, bhí port eile ar fad á sheinm acusan: bhí siad meáite ar athaontú na hÉireann a bhaint amach. Bhí siad fonnmhar chun sceideal na n-ullmhúchán don athaontú a phlé le Whitelaw agus spás ama a ghéilleadh don Rialtas Briotanach ar chúiseanna praiticiúla, ach sin a raibh ann.
Mar sin agus ar an ábhar sin, níor tháinig a dhath as an ngnáth as na comhchainteanna seo. Shocraigh an dá thaobh go gcoinneoidís an sos cogaidh i bhfeidhm go dtí an 14 Iúil, agus go rachaidís i dteagmháil le chéile sula gcromfaidís ar ais ar an ngleic armtha. Thit an sos cogaidh as a chéile go gairid i ndiaidh dheireadh an chéad bhabhta comhchainteanna, ámh. B'é ba phríomhchúis leis sin ná go raibh na Sealadaigh ar leibhéal na sráide ag iarraidh, san am céanna, socrú leis na saighdiúirí go mbeadh cead ag na Caitlicigh gan dídean roinnt tithe a shealbhú a bhí tréigthe ag a n-úinéirí Protastúnacha.
Bhí na saighdiúirí féin sásta cead isteach a ghéilleadh do na Caitlicigh, ach ansin, chuir Cumann Cosanta Uladh (an tUDA) a ladar sna cúrsaí. Bhagair siad míle murdar ar na Caitlicigh dá mbeadh siad chomh dána leis na tithe a shealbhú, agus dealraíonn sé gur thit an lug ar an lag ag na saighdiúirí ansin.
Nuair a tháinig an chéad leoraí ag tabhairt isteach troscáin de chuid na gCaitliceach, stop na saighdiúirí í, ó nach raibh siad fonnmhar an iomarca feirge a chur ar na Dílseoirí, agus nuair a d'fhéach cúpla Óglach de chuid an IRA na saighdiúirí a chur ar athrú comhairle, gabhadh iad. B'é an tátal a bhain Séamus Ó Tuama as na himeachtaí seo ná go raibh na saighdiúirí tar éis an tsíocháin a bhriseadh, agus chrom na Sealadaigh ar an gcogaíocht arís.[2]
Conspóid Gerry Adama
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhlaiin 1973, ciontaíodh Gerry Adams faoi dhó, as dhá iarracht a dhéanamh éalú ón bpríosún. Dar le Lord Kerr sa bhliain 2020, bhí dualgas reachtúil ar Státrúnaí Thuaisceart Éireann i 1973, Whitelaw ag an am, scrúdú pearsanta a dhéanamh ar iompar Adams agus cinneadh pearsanta a dhéanamh faoi ordú chun é a ghabháil ar bhonn sealadach. Ach aire eile a rinne an cinneadh sin i 1973.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "British Cabinet Account Of 1972 IRA Ceasefire Talks" (en). The Broken Elbow (2014-01-21). Dáta rochtana: 2022-07-07.
- ↑ "Battle of Lenadoon" (as en) (2022-03-04). Wikipedia.
- ↑ John-Paul McCarthy (13 Bealtaine 2020). "Bua do Gerry Adams sa Chúirt Uachtarach, ach cén fáth gur cuireadh a chiontú i 1973 ar neamhní?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-07.