Séamus Ó Tuama
| Ainm sa teanga dhúchais | (en) Seamus Twomey |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 5 Samhain 1919 Béal Feirste, Northern Ireland |
| Bás | 12 Meán Fómhair 1989 69 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
| Áit adhlactha | Reilig Bhaile an Mhuilinn |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | gníomhaí polaitiúil |
| Ball de | |
| Teangacha | Béarla |
| Gairm mhíleata | |
| Géillsine | Óglaigh na hÉireann |
| Coinbhleacht | Na Trioblóidí |
Ba ghníomhaí míleatach poblachtach Éireannach é Séamus Ó Tuama (5 Samhain 1919 - 12 Meán Fómhair 1989) a bhí dhá uair mar cheann foirne ar an IRA Sealadach.
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Ó Tuama i mBéal Feirste ar Shráid Marchioness [1], bhí cónaí ar ag 6 Sráid Sevastopol i gceantar na bhFál. "Thumper" a thugtaí air mar go raibh sé teasaí ó nádúr, agus an nós a bhí aige a dhorn a bhualadh ar tháblaí, is beag oideachas a fuair sé agus bhí sé ina 'reathaí' geallghlacadóra. Oibrí deonach sna 1920idí ba ea athair Sheamais. Bhí cónaí air i mBéal Feirste, go compordach lena bhean chéile, Rosie, a phós sé i 1946. Le chéile bhí mic agus iníonacha acu.
Óglaigh na hÉireann (an IRA)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí baint aige leis an IRA ón na 1930idí agus imtheorannaíodh é i dTuaisceart Éireann le linn na 1940idí ar an long príosúin Al Rawdah agus ina dhiaidh sin i bPríosún Bhóthar Chromghlinne i mBéal Feirste. Coinníodh Rosie, a bhean chéile, ina príosúnach i bpríosún na mban, Ard Mhacha, i dTuaisceart Éireann. Chuir sé i gcoinne an bhogtha i dtreo na heite clé, an t-athrú a thacaigh Cathal Goulding leis sna 1960idí, agus i 1968, chuidigh sé leis an Andersonstown Republican Club (Cumann Roddy McCorley ina dhiaidh sin) a bhunú.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Volunteer Seamus Twomey, 1919-1989 : a tribute.