3ú Iarla an Rois, réalteolaí a rugadh in EabhracShasana ab ea William Parsons (17 Meitheamh 1800 – 31 Deireadh Fómhair 1867). Sna 1840idí thóg sé réadlann i gCaisleán Bhiorra is chruthaigh an teileascóp scáthánach le trastomhas 2 m, an teileascóp frithchaiteach ba mhó ar Domhan ag an am. D'éirigh leis scéim a cheapadh chun dhá scáthán mar seo, 4 thonna an ceann, a dhéanamh as cóimhiotal spéacalaim. Bhí an scáthán suite i bhfeadán adhmaid, 19 m ar fhad, is an feadán seo idir dhá bhalla throma saoirseachta. Thugtaí Leiviatan Parsonstown ar an teileascóp, an teileascóp ba mhó go ceann 70 bliain. Bhí an ionstraim seo chomh cumasach sin gurbh fhéidir réaltraí a bhreathnú leis, agus bhí an t-iarla in ann cur síos ar chruth bíseach cuid acu, rud nárbh eol ag an am. Thóg sé ionstraim eile le trastomhas 1 m freisin. Fuair Parsons bás i mBaile na Manach, i gContae Bhaile Átha Cliath, agus é 67 bliana d'aois.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.