Vicipéid:Laethanta roghnaithe/5 Márta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é an 5 Márta an 64ú lá den bhliain de réir an fhéilire Ghréagóra nó an 65ú lá i mbliain bhisigh. Tá 301 lá fágtha sa bhliain.

Inniu Lá Fhéile Piran (Naomh Ciarán) i gCorn na Breataine

Rosa Luxemburg (ar dheis)

  • 1133 – Rugadh Anraí II, rí Shasana (b.1189)
  • 1496 – D'eisigh Anraí III Shasana litreacha paitinne a thug cead taiscéalaíochta do John Cabot agus dona mhic
  • 1770 – Sléacht Bhostún inar mharaigh saighdiúirí Briotanacha cúigear sibhialtach
  • 1815 – Cailleadh Franz Mesmer, lia agus astralaí Gearmánach (r.1734)
  • 1827 – Cailleadh Alessandro Volta, eolaí agus fisiceoir Iodálach (r.1745)
  • 1870/1 – Rugadh Rosa Luxemburg, fealsúnaí sóisialach Gearmánach (b.1919)
  • 1953 – Rugadh Brian Kerr, bainisteoir sacair
  • 1953 – Cailleadh Iósaf Stailín, réabhlóidí agus ceannaire an Aontais Shóivéadaigh (r.1878)
  • 1956 – Sheas Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe leis an gcosc ar leithlisiú ciníocha i scoileanna stáit, coláistí agus ollscoileanna
  • 1960 – Tháinig Elvis Presley abhaile tar éis dó a bheith in arm Mheiriceá ar feadh dhá bhliain
  • 1963 – Cailleadh Patsy Cline, amhránaí Meiriceánach, i dtuairt eitleáin (r.1932)
  • Tuilleadh teagmhais: 4 Márta5 Márta6 Márta