Vicipéid:Laethanta roghnaithe/5 Lúnasa
Appearance
Is é an 5 Lúnasa an 217ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 218ú lá i mbliain bhisigh. Tá 148 lá fágtha sa bhliain.
- 1895 – Cailleadh Friedrich Engels, 74, fealsamh agus réabhlóidí Gearmánach (r. 1820)
- 1930 – Rugadh Neil Armstrong, spásaire Meiriceánach agus an chéad duine a shiúil dromchla na Gealaí
- 1934 – Rugadh Gay Byrne, láithreoir teilifíse
- 1950 – Cailleadh Emil Abderhalden, 73, bithcheimiceoir agus fiseolaí Eilvéiseach (r. 1877)
- 1962 – Cailleadh Marilyn Monroe, 36, aisteoir Meiriceánach (r. 1926)
- 1971 – Cailleadh Pádraig Óg Ó Conaire, scríbhneoir (r. 1893)
- 1973 – Maraíodh triúr agus gortáiodh 55 duine eile nuair a scaoil beirt ghunnadóirí Arabacha urchair le daoine ina suí i mbeár ag Aerfort Aithin
- 1983 – Gearradh 4,000 bliain de théarma príosúin ar 22 ball den tIRA tar éis ceann de na trialacha is mó i stair Thuaisceart Éireann
- 2001 – Cailleadh Aaron Flahavan, 25, imreoir sacair (r. 1975)