Tíotáiniam
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach, simple substance (en) agus dúil litifileach |
---|---|
Tíotáiniam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Ti |
Uimhir adamhach | 22 |
Mais adamhach | 47.867 |
Cumraíocht leictreon | [Ar] 3d² 4s² |
Peiriad, Grúpa | peiread 4 grúpa 4 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leáphointe | 1,941 agus 1,670 |
Fiuchphointe | 3,286.85 |
Leictridhiúltacht | 1.54 |
Ga ianach | 0.86, 0.67, 0.42, 0.61 agus 0.74 |
Stair | |
Aimsitheoir | Friedrich Wöhler, William Gregor (en) , Martin Heinrich Klaproth agus Matthew A. Hunter (en) |
Fionnachtain | 1791 agus 1791 |
Eapainm | Tíotán |
Is dúil cheimiceach é an tíotáiniam. Is é dúil uimhir a 22 é, agus is é an tsiombail cheimiceach a thagraíonn dó sna foirmlí ceimiceacha ná Ti. Miotal trasdultach atá ann, agus é réasúnta éadrom, nó níl sé ach 4.5 oiread níos troime ná an t-uisce. Tá sé liathbhán lonrach ar a chosúlacht, agus níl sé éasca é a thuaslagadh ná a chreimeadh, nó seasann sé idir sháile, aqua regia, agus chlóirín. Úsáidtear sa chóimhiotail é, nó má mheasctar le halúmanam, le hiarann, le vanaidiam, le molaibdéineam nó le dúile áirithe eile é, gheofar cóimhiotail láidre éadroma ar féidir úsáid a bhaint astu i ndéantús na scairdinneall, na ndiúracán is na spásárthaí. Tagann na cóimhiotail isteach áisiúil ina lán earnálacha eile freisin: sna fórsaí cosanta, i bpróisis na tionsclaíochta ceimicí agus peitriceimicí, i ndíshalannú na sáile, i bpróiseáil an laín go páipéar, i ndéantús na ngluaisteán, i dtáirgíocht an bhia, sna próistéisí, sna hionchlannáin ortaipéidice, i ngléasra an fhiaclóra agus araile.
Ba é an Sasanach William Gregor ba thúisce a d'aithin gur dúil ar leith a bhí sa tíotáiniam, thiar sa bhliain 1791. Ba é an Gearmánach Martin Heinrich Klaproth a bhaist an tíotáiniam agus ar ndóigh, ba iad tíotáin na miotaseolaíochta Sean-Ghréagaí a thug an inspioráid.
Bíonn an tíotáiniam le fáil flúirseach go maith sa dúlra, nó tá sé ar an naoú dúil is coitianta i screamh an Domhain. Tá tíotáiniam éigin i ngach sórt bruthcharraige, a bheag nó a mhór, ach is iad na mianraí is tábhachtaí ná an anatáis (an ochtaihéidrít), an bhrúicít, an ilminít, an phearóivscít, an rúitíl, agus an tíotáinít (a dtugtar gróitít nó sféin uirthi freisin). Is iad an ilminít agus an rúitíl na mianraí a bhfuil tábhacht eacnamaíoch leo, mar fhoinsí tíotáiniam.
Tá cúig iseatóp cobhsaí ag an dúil, agus is astu siúd atá tíotáiniam an dúlra comhdhéanta: 46Ti (8 % de thíotáiniam an dúlra), 47Ti (7 %), 48Ti (74 %), 49Ti (timpeall ar 5.5 %) agus 50Ti (timpeall ar 5.5 % freisin). Níl raidiseatóip nádúrtha ann.
Is é +4 an uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí, ach tá +3 ann freisin. Is í dé-ocsaíd an tíotáiniam TiO2 an chomhdhúil is coitianta, nó baintear úsáid aisti mar lí bhán sna péinteanna agus sna taois fhiacla. Tugtar "bán tíotáiniam" nó "tíotáinia" uirthi freisin.