Turasóireacht i Luimneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Áras Fáilte Luimnigh, deartha ag Murray Ó Laoire ar Ché Artúir
Iarsmalann Hunt ar Shráid Rutland
Radharc ar Chaisleán Rí Eoin, Droichead Thumhan agus Abhann na Sionnaine
Cáisleán na 15ú aoise an Bhrianigh i mBun Raite, Co. An Chláir, 2003
Aille ghainmh-chlocha i nGleannta Abhann an Chláir, Co. Thiobraid Árainn, 2004

Cé nach bhfuil an clú céanna ar leith ar Luimneach, an ceathrú cathair is mó in Éirinn agus an tríú ceann is mó sa Phoblacht, mar ionad saoire agus a bhfuil ar Bhaile Átha Cliath, ChorcaighGhaillimh, tá tionscal mór fáilte fós inti le blianta de bharr a cóngaracht le hAerfort na Sionna. Agus i ndiaidh ath-thógáil lár na cathrach ó dheireadh blianta na 1980í, tá cuma i bhfad níos fearr don turasóir anois aici.

Tá líon mór tar éis teacht ar líon cuairteoirí ar Luimneach i ndiaidh teacht seirbhísí Ryanair go hAerfort na Sionna.

Iarsmalainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is in Iarsmalann Hunt atá suite i Sean-Thigh an Chustaim ar Shráid Rutland a bhfuil an bailiúchán ar chuir an díoltóir ealaíona Seán Ó Fiaich agus a bhean Gertrude le chéile le linn a saol. Tá ós cionn 2,000 míreanna ann agus tá tábhacht ar leith ar iad siúd a bhaineann le ré roimh-Chríost Éireann, ré luath Críostaithe Éireann agus ré Athbheochana na hEorpa.

Tá Iarsmalann Cathrach Luimní suite anois i Lána an Chaisleáin in aice le Caisleán an Rí Eoin. Tá trí fhoirgneamh sa lána a ath-thógadh ag deireadh blianta na 1990í mar shamplaí d’ailtireacht Luimníoch an 17ú aois. Ar an taobh eile den chaisleán tá Sean-Phálás an Easpaig.

Óstáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur leagadh roinnt sean-óstáin cáiliúla lár na cathrach ó dheireadh blianta na 1980í (Cruise’s, Royal George agus Jury’s ina measc), tá líon na seomra tar éis éirí go tapaidh sa linn céanna. Tá óstáin nua ar nós an George, an Hilton, an Marriott, Jury’s Inn, an Clarion, an Absolute agus Óstán Dhroichead na Sionainne tar éis oscailt sa lár agus a thuilleadh fós ar nós an Chúirt Theas, Páirc Chaladh Uí Threoigh, Radisson SAS, Lóiste Chill Mhuire agus an Comfort ar imeall na cathrach.

Is iad Bóthar na hInse, Ascaill Uí Chonaill, Sráid Dáibhís agus Bóthar Bhaile Átha Cliath i gCaladh Uí Threoigh na láthair ina bhfuil formhór na dtithe lóistín is bia (B&Bs). Tá brúanna ann ar Ché Sheoirse agus i gCearnóg an Phoirigh agus, i rith an tsamhraidh, i mbailtíni cónaithe Ollscoil Luimnigh.

Páirceanna Poiblí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá páirceanna poibli scaipthe ar fud na cathrach. Is iad Páirc an Phobail, páirc claisiceach Seoirseach ar idir Cearnóg an Phoirigh agus Sráid Mháigh Eala, Páirc Ché Artúir, Páirc Tigh an Chustaim agus Páirc an Easpag Uí Néill ar Shráid an Chláir na príomh-chinn.

Casáin Siúl[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir leis an turasóir siúl thar dá bhruach na Sionainne. Má thosnaítear ag dul aniar ó Charraig an Chonartha ar an taobh thuaidh de Dhroichead Thumhan, imítear thar Dún an Trá, Leacht Éirí amach na Cásca ar Dhroichead an tSáirséalaigh, Cé Artúir, Páirc Tigh an Chustaim, Droichead Siúl Uí hAllmharáin, Margadh na bPráta, Ardeaglais Mhuire, Áras na Cathrach, Lána an Chaisleáin, Caisleán an Rí Eoin agus tá Sean-Phalás an Easpaig laistigh d’uair an chloig.

Tá casán eile siúl a théann ó Thigh an Chustaim thar Droichead de Bhál, Cé an Chomhlán Uisce, An Canáil Mhór agus ar bhruach na Sionna anoir go dtí an Ollscoil.

Bádóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh ath-oscailt chóras Íochtar na Sionainne do thrácht saoire sa bhliain 2001, tá na bealaigh chanálacha seo a leanas ó Luimneach:

Tá pleananna ann chomh mhaith chun an córas a nascadh le córas na Banna trí ath-oscailt Canáil Uladh idir Loch Éirne Uachtar agus Loch n-Eachadh agus, dá bharr, bailte ar nós Cúl Raithin, Port an Dúnáin agus Muineachán a cheangailt le Luimneach.

Lasmuigh den Chathair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Laistigh 40km ó lár na cathrach, is féidir cuairt a dhéanamh ar roinnt de na príomh-ionaid turasóireachta in Éirinn. 10km siar ar an N18 i dtreo na hInse, tá Caisleán Bhun Raite a thóg na Brianaigh sa 15ú aois agus a ath-thógadh sa bhliain 1960. Díreach laistiar de tá Páirc Oidhreachta Bhun Raite inar féidir samplaí sean-tithe agus sean-fhoirgnimh na tíre a fheiceáil.

Tá páirc oidhreachta eile ann lámh le Caisleán Chreagán Eoin idir Droichead Abhann Ó gCeárnaigh agus Cuinche i gContae an Chláir ina bhfuil crannóg agus ráth ón gcéad mhílaois ath-thógtha.

Tá an-chuid iarsmai ó gach ré stairiúla na tíre le feiscint timpeall Loch Gar, 20km ó dheas ón gcathair idir Brú na Déise agus An Ospidéal. Ina measc siúd tá an cloch-chiorcal is mó in Éirinn.

Cuimhnítear ar na báid eitilte a thaistil ón Eoraip go Meiriceá i mblianta na 1930í agus na 1940í in iarsmalann i bhFaing, 40km siar ón gathair ar bhruach theas Béal na Sionainne. Ba i bhFaing ar chum Joe Sheridan an chéad caifé Gaelach (Irish Coffee) sa bhliain 1944.

Tá trí mahainistir, caisleán, mainéar, dhá ghalf-chúrsa, trí óstán agus raeanna tigíni ceann tuí le feiscint i mbaile Áth Dara ar bhruach Abhainn na Máige, 15km siar ó dheas ó Luimneach ar an N21 i dtreo Chill Áirne.

Páirc foraoise cáiliúil é Gleannta Abhainn an Chláir in aice le Tulach Seasta, Contae Thiobraid Árann, 18km soir ón gathair. Titeann an abha 200m trí ghleann an-domhain an-chúng idir aille gainmh-chlocha.