Jump to content

Caisleán Luimnigh

Caisleán Luimnigh
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálCaisleán agus iarsmalann mhíleata Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht1210 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinLuimneach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52° 40′ 11″ N, 8° 37′ 32″ O / 52.669722222222°N,8.6255555555556°W / 52.669722222222; -8.6255555555556
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir288
Gníomhaíocht
ÚinéirEoin Shasana Cuir in eagar ar Wikidata

Is caisleán suite i gContae Luimnigh cois na Sionainne é Caisleán Luimnigh, leagan ceart dlisteanach ar an gcaisleán ar a dtugtar ‘King John’s Castle’ i gCathair an Chonartha.[1]

Ba é Eoin, Rí Shasana a d’ordaigh go dtógfaí an caisleán sa 13ú haois leis an gcathair a chosaint ó na teaghlaigh Ghaelacha a bhí ina timpeall. Níor leag an rí féin cos sa gcaisleán riamh.

Rinneadh athchóiriú ar an gcaisleán in 2010 agus caitheadh os cionn €5.7 milliún le feabhas a chur ar na háiseanna do thurasóirí ansin – ionad cuairteoirí, caifé, agus taispeántais nua-aimseartha ar chuid den obair sin. Bhí sé i seilbh Shannon Heritage le linn an ama sin.

Ghlac Comhairle Contae agus Cathrach Luimnigh seilbh ar an gcaisleán i mí Aibreáin na bliana 2022.

Tugadh go leor ainmneacha ar an gcaisleán i gcaitheamh na mblianta. Thugtaí ‘an caisleán’ air i Luimneach féin den chuid ba mhó agus ‘Caisleán Luimnigh’ air taobh amuigh de Luimneach. Nuair a tugadh ar láimh don chomhairle é in 2022, moladh go n-athrófaí an t-ainm go ‘Limerick Castle’, ainm a bhíodh ar an daingean go dtí na 1800idí. Dúirt méara na linne, Daniel Butler go dtacódh sé le hathrú ainm an chaisleáin, ach chothaigh an smaoineamh conspóid bheag i measc mhuintir na cathrach.

Dúirt an staraí Sharon Slater in 2022 gurbh fhearr a d’fheilfeadh an t-ainm Béarla ‘Limerick Castle’ don chaisleán agus gur mhaith léi go dtabharfaí an t-ainm sin arís air i mBéarla.[2]

Nasc seachtrach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Maitiú Ó Coimín (21 Aibreán 2025). "‘Caisleán Luimnigh’ ainm Gaeilge oifigiúil ‘King John’s Castle’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-21.
  2. “Ó thaobh na turasóireachta de, más King John’s Castle atá air, d’fhéadfadh sé a bheith in áit ar bith. Más Limerick Castle atá air, beidh sé soiléir gur i Luimneach atá sé,” a dúirt sí.