Trenton, New Jersey
Trenton, New Jersey | |||||
---|---|---|---|---|---|
Trenton (en) | |||||
Ainmnithe in ómós | William Trent | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Stát sna Stáit Aontaithe | Nua-Gheirsí | ||||
Contae de chuid Nua-Gheirsí | Contae Mercer | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 90,871 (2020) | ||||
• Dlús | 4,276.45 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 28,581 (2020) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Suite san aonán críochach staitistiúil | Trenton-Princeton, NJ Metropolitan Statistical Area (en) | ||||
Achar dromchla | 21.249168 km² | ||||
• Uisce | 6.2145 % | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Delaware | ||||
Airde | 16 m | ||||
Ar theorainn le | Ewing Township (en) Morrisville (en) Falls Township (en) Lawrence Township (en) Hamilton Township (en) Lower Makefield Township (en) | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1719 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Trenton, Nua-Gheirsí | Reed Gusciora (2018–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 08608, 08609, 08610, 08611, 08618, 08619, 08620, 08625, 08628, 08629, 08638, 08641, 08648 agus 08650 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 609 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | trentonnj.org |
Is é Trenton príomhchathair stát New Jersey i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is é Trenton príomhbhaile Chontae Mercer sa stát úd freisin. Tá an chathair suite in iarthar láir New Jersey ar bhruach thoir na habhainn Delaware, go díreach trasna ó stát Pennsylvania. De réir an daonáirimh sa bhliain 2010, bhí 84,913 duine ina gcónaí i dTrenton.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Lonnaigh baill de Chumann na gCarad sa cheantar sa bhliain 1679, agus faoin bhliain 1719 bhí an t-ainm "Trent-Towne" in úsáid (i ndiaidh William Trent, uinéir mór le rá sa bhaile ag an am.) Giorraíodh an t-ainm go "Trenton" ní ba dhéanaí. Dála a lán cathracha agus bailte móra i Meiriceá, d'fhás Trenton ag ceann an chuid inseolta d'abhainn (mar atá, an Delaware). Ní raibh na báid ábalta dul ní b'fhaide isteach sa tír, agus nuair a tháinig Réabhlóid na Tionsclaíochta ar an saol thig le daoine féidhm a bhaint as easa agus éascaí le fuinneamh a ghiniúint.
Ba i dTrenton a raibh a chéad bhua ag George Washington i gCogadh Réabhlóideach Mheiriceá, sa bhliain 1776. Tharla sin ar an 26ú lá de Mhí na Nollag, nuair a chuaigh Washington agus a chuid saighdiúirí trasna an Delaware oighreogach agus d’ionsaigh siad an garastún Heiseánach ar an bhaile. Cath Trenton a thugtar air. Rinneadh príomhchathair an stáit de Trenton sa bhliain 1790.
Cuireadh tús ceart leis an tionsclaíocht sa chathair insna 1830idí tar éis thógáil na Canála Delaware & Raritan agus na n-iarnród Pennsylvania agus Philadelphia & Reading. Bhunaigh Walter Scott Lenox ceardlann i dTrenton le poirceallán fíneálta a dhéanamh, ceann amháin as 40 gnólacht a bhí ag déanamh potaireachta agus earraí cré bruite sa chathair sa bhliain 1905. Dhéantaí sreang, rópa, cáblaí, earraí rubair agus eile ann freisin.[1]
Rialtas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá príomhoifigí agus cúirteanna stáit New Jersey agus chontae Mercer suite i dTrenton. Cé gurb é Trenton príomhchathair New Jersey, tá teach cónaithe oifigiúil an ghobharnóra, Drumthwacket, suite i mbaile Princeton. (Dála roinnt gobharnóirí eile sa stát, roghnaigh Chris Christie, an gobharnóir i láthair na huaire, gan bheith ina chónaí ann.)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Encyclopædia Britannica, 11ú eagrán (1910), “Trenton”.