Contae Bergen, New Jersey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Mórbhealaigh 4 agus 17 i bParamus, i lár Chontae Bergen. Tá sé ar cheann de na crosbhóithre is gnóthaí i Meiriceá.
Anasclann dúlra in Franklin Lakes, in iarthar Chontae Bergen

Contae in oirthuaisceart New Jersey is ea Contae Bergen. Is é Hackensack príomhbhaile riaracháin an chontae. Ceantar fobhailteach de chuid Chathair Nua-Eabhrac atá ann. De réir mheastacháin oifigiúil sa bhliain 2014, bhí cónaí ar 933,572 duine sa chontae.

Tíreolas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an Abhainn Hudson teorainn thoir an chontae agus ceanglaíonn Droichead George Washington, a théann trasna na habhann, Contae Bergen le Cathair Nua-Eabhrac. Tá an contae ag críochantacht le Contae Rockland, i Stát Nua-Eabhrac, ó thuaidh. Ón Abhainn Hudson síneann an contae siar go dtí na sléibhte Ramapo. Tá 70 baile sa chontae gan aon chathair ann níos mó ná Hackensack, ina gcónaíonn beagán breis is 43,000 duine. Tá Bergen ar na contaetha is rachmasacha sna Stáit Aontaithe.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuid den ghrúpa bundúchasach Lenape ar ar thugtaí Munsee a bhí ina gcónaí sa chontae nuair a chuir na chéad Eorpaigh fúthu ann ag tosnú sa bhliain 1633. Ollannaigh a bhí iontu seo agus iad faoi scáth Chomhlacht na nIdiacha Siar Ollannach agus na coilíneachta sin acu, an Nua-Ísiltír. Cuireadh na lonnaíochtaí seo ar ceal le linn Chogadh Kieft (1643–1645) agus Chogadh na gCrann Péitseog (1655–1660). D’fhill na lonnaitheoirí ar Bhergen ó 1660 i leith. Tugadh líon mór sclábhaí isteach. Tharraing na hIndiaigh siar go dtí na sléibhte. Phós siad go minic le daoine geala agus gorma, ach tá féiniúlacht Indiach láidir go leor ag a sliocht gur bhain siad aitheantas mar threibh Indiach ó stát Nua Jersey. An lá atá inniu ann cónaíonn an chuid is mó díobh níos faide siar, i gContae Passaic, i New Jersey, agus i gContae Rockland.

I mí Lúnasa na bliana 1664 thóg na Sasanaigh seilbh ar an Nua-Ísiltír, bhaist siad New Jersey ar an chuid den choilíneacht ina bhfuil Bergen inniu, agus sa bhliain 1684 chuir siad Contae Bergen ar bun mar ionad riaracháin. Tá Bergen ar na ceithre chontae bunúsacha de chuid New Jersey.

Bhí Bergen ina chnámh spairne idir na Reibiliúnaigh Mheiriceánacha agus na Sasanaigh le linn Chogadh Réabhlóideach Mheiriceá sna 1770idí. I ndiaidh Cath Fort Lee, tarraingt siar George Washington trasna an chontae, agus roinnt comhrac eile, thóg an mhílís áitiúil seilbh ar Hackensack agus an chuid eile den chontae. D’fhan Bergen faoi smacht na Meiriceánach, cé go ndearna na Sasanaigh scirmisí agus ruaigeanna creiche ann go dtí deireadh an chogaidh.

Scaradh cuid d’iarthar an chontae le Contae Passaic a chur ar bun sa bhliain 1837 agus rinneadh an rud céanna in oirthear Bhergen chun Contae Hudson a bhunú sa bhliain 1840. Bhí leath na 13,000 duine a bhí ina gcónaí i mBergen ag an am caillte do na contaetha nua. Tógadh iarnród trí roinnt den chontae sa bhliain 1852 a chuir le forbairt Bhergen agus atá in úsáid go fóill.

Radharc ar Chontae Bergen ó na sléibhte in Mahwah, in iarthar an chontae. Tá spéirlíne Manhattan le feiceáil sa chúlra.

Críochnaíodh Droichead George Washington sa bhliain 1931. Ceangail áisiúil idir Fort Lee, i gContae Bergen, agus Manhattan a bhí ann. Roimhe sin, bhí na Pallisades ar thaobh New Jersey na Hudson ina gconstaic mhór i gcumarsáid idir an dá cheantar. Spreag an nasc nua seo forbairt Bhergen mar cheantar fobhailteach de chuid Chathair Nua-Eabhrac, go mór mhór i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Cuireadh dhá lána leis an leibhéal uachtair den droichead sa bhliain 1946 agus cuireadh an deic íochtair i bhfeidhm sa bhliain 1962. 14 lána a bhí ann faoi dheireadh. Cothaíodh scannal mór—"Bridgegate"—nuair a rinne baill d'fhoireann an Ghobharnóir Chris Christie dhá cheann de na trí lána isteach sa droichead a dhruideadh ar feadh cúig lá i mí Meán Fómhair, 2013, le linn bhrú tráchta na maidine, é sin mar dhíoltas mar dhea ar mhéara Fort Lee, Daonlathach nach raibh sásta tacaíocht pholaitiúil a thabhairt do Christie.[1][2] Ar feadh blianta bhíodh páirc siamsaíochta mhór, Pallisades Park, ar bharr na Pallisades, ní fada ó bhealach isteach an droichid.

Ag an gceann eile den chontae, ag Cnoc Campgaw in Franklin Lakes, bhíodh stáisiún Diúracán Nike (Nike-Hercules ní ba dhéanaí) mar chuid de chóras cosanta mhórcheantar Nua-Eabhrac. Mhair sé ó 1955 go 1971.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]