Chris Christie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Chris Christie
Chris Christie 2011 Shankbone.JPG
United States Attorney for the District of New Jersey (en) Aistrigh

Eanáir 17, 2002 - Nollaig 1, 2008
55. gobharnóir New Jersey

Eanáir 19, 2010 - Eanáir 16, 2018
Jon Corzine - Phil Murphy
Saol
Ainm iomlánChristopher James Christie
Eolas breitheNewark, New Jersey, 6 Meán Fómhair 1962 (60 bliain d’aois)
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Áit chónaitheMendham Township (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan Béarla
Muintir
AthairBill Christie
Céile/CéilíMary Pat Christie  (1986 -
Oideachas
Alma materOllscoil Delaware
Ollscoil Seton Hall
Seton Hall University School of Law (en) Aistrigh
Livingston High School (en) Aistrigh
Leibhéal oideachaisBaitsiléir Ealaíon
dochtúireacht faoi dlí-eolaíocht
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmdlíodóir agus polaiteoir
Áit oibreTrenton, New Jersey
Cleamhnú
ReiligiúinCaitliceachas
Páirtithe polaitíochtaPáirtí Poblachtach
IMDbnm2665166
Instagramchrischristie
Twitterchrischristie
Chris Christie Signature.svg

Gobharnóir New Jersey sna Stáit Aontaithe ab ea Christopher James “Chris” Christie (a rugadh ar 6 Meán Fómhair 1962 i Newark, New Jersey). Ba é an 55ú gobharnóir é i stair an stáit úd. Toghadh é i Samhain na bliana 2009. Is ball den Pháirtí Poblachtach é. Tháinig sé i gcomharbas ar Jon Corzine, an 54ú gobharnóir agus ball den Pháirtí Daonlathach. Sular toghadh mar ghobharnóir é, d’oibrigh Christie mar Aturnae na Stát Aontaithe do Dhúiche New Jersey. Ar 16 Eanáir tháinig Doug Phillips den Pháirtí Daonalathach i gcomharbacht air mar ghobharnóir.

Is de shliocht measctha Éireannach Sicileach é Christie. Tógadh i Livingston, fo-bhaile compordach siar ó Newark é. Bhain sé céimeanna amach ó Ardscoil Livingston, Ollscoil Delaware (Baitsiléir Ealaíne san eolaíocht pholaitiúil, 1984) agus Scoil Dlí Ollscoil Seton Hall (Juris Doctor, 1987). Glaodh chun Barra New Jersey é sa bhliain 1987 agus chun Barra Chúirt Dhúiche na Stát Aontaithe sa bhliain chéanna.

Sa bhliain 1986, phós Christie Mary Pat Foster, a casadh air nuair a bhí siad ina mic léinn ag Ollscoil Delaware. Chuaigh sí seo leis an infheistíocht bhaincéireachta agus í ag obair don ghnólacht Wall Street úd Cantor Fitzgerald. D’éirigh sí as an bpost sin i ndiaidh ionsaithe 9/11 (chaill Cantor Fitzgerald níos mó dá chuid fostaithe sna hionsaithe úd ná aon chomhlacht eile.) Tá ceathrar páistí acu. I Mendham Township, New Jersey atá siad ina gcónaí, in áit Drumthwacket, teach oifigiúil an ghobharnóra i bPrinceton.

Tá tuairimí coimeádacha ag Chris Christie, agus lena chois sin modh oibre diongbháilte agus bealach cainte atá borb dar lena lán. Lochtaíonn sé an ionsaitheacht sa pholaitíocht, áfach. Tá Christie ag tarraingt éisteacht nach beag chuige féin ó cheann ceann na tíre le tamall anuas agus bhí iomrá leis mar iarrthóir Poblachtach d'uachtaránacht na tíre. Ar 11 Deireadh Fómhair 2011, thug Christie tacaíocht do Mitt Romney sa rás don uachtaránacht.[1] Bhí sé gníomhach i bhfeachtas Donald Trump sa bhliain 2016 agus é seo ar lorg uachtaránacht na tíre.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.foxnews.com/politics/2011/10/11/christie-to-endorse-romney-for-president/ "Christie Endorses Romney Ahead of GOP Debate", Fox News

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]