Trenton, New Jersey
| Trenton (en) | |||||
| Ainmnithe in ómós | William Trent | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
| Stát sna Stáit Aontaithe | Nua-Gheirsí | ||||
| Contae de chuid Nua-Gheirsí | Contae Mercer | ||||
| Príomhchathair de | |||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 90,871 (2020) | ||||
| • Dlús | 4,276.45 hab./km² | ||||
| Líon na dteaghlach | 28,581 (2020) | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Suite san aonán críochach staitistiúil | Trenton-Princeton, NJ Metropolitan Statistical Area (en) | ||||
| Achar dromchla | 21.249168 km² | ||||
| • Uisce | 6.2145 % | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Delaware agus Assunpink Creek (en) | ||||
| Airde | 16 m | ||||
| Ar theorainn le | Ewing Township (en) Morrisville (en) Falls Township (en) Lawrence Township (en) Hamilton Township (en) Lower Makefield Township (en) | ||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Cruthú | 1719 | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| • Méara Trenton, Nua-Gheirsí | Reed Gusciora (2018–) | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Cód poist | 08601, 08602, 08603, 08604, 08605, 08606, 08607, 08608, 08609, 08610, 08611, 08618, 08619, 08620, 08625, 08628, 08629, 08638, 08645, 08646, 08647, 08650, 08666, 08690 agus 08695 | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Glaochód | 609 | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | trentonnj.org | ||||
Is é Trenton príomhchathair stát New Jersey i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is é Trenton príomhbhaile Chontae Mercer sa stát úd freisin. Tá an chathair suite in iarthar láir New Jersey ar bhruach thoir na habhainn Delaware, go díreach trasna ó stát Pennsylvania. De réir an daonáirimh sa bhliain 2010, bhí 84,913 duine ina gcónaí i dTrenton.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Lonnaigh baill de Chumann na gCarad sa cheantar sa bhliain 1679, agus faoin bhliain 1719 bhí an t-ainm "Trent-Towne" in úsáid (i ndiaidh William Trent, uinéir mór le rá sa bhaile ag an am.) Giorraíodh an t-ainm go "Trenton" ní ba dhéanaí. Dála a lán cathracha agus bailte móra i Meiriceá, d'fhás Trenton ag ceann an chuid inseolta d'abhainn (mar atá, an Delaware). Ní raibh na báid ábalta dul ní b'fhaide isteach sa tír, agus nuair a tháinig Réabhlóid na Tionsclaíochta ar an saol thig le daoine féidhm a bhaint as easa agus éascaí le fuinneamh a ghiniúint.
Ba i dTrenton a raibh a chéad bhua ag George Washington i gCogadh Réabhlóideach Mheiriceá, sa bhliain 1776. Tharla sin ar an 26ú lá de Mhí na Nollag, nuair a chuaigh Washington agus a chuid saighdiúirí trasna an Delaware oighreogach agus d’ionsaigh siad an garastún Heiseánach ar an bhaile. Cath Trenton a thugtar air. Rinneadh príomhchathair an stáit de Trenton sa bhliain 1790.

Cuireadh tús ceart leis an tionsclaíocht sa chathair insna 1830idí tar éis thógáil na Canála Delaware & Raritan agus na n-iarnród Pennsylvania agus Philadelphia & Reading. Bhunaigh Walter Scott Lenox ceardlann i dTrenton le poirceallán fíneálta a dhéanamh, ceann amháin as 40 gnólacht a bhí ag déanamh potaireachta agus earraí cré bruite sa chathair sa bhliain 1905. Dhéantaí sreang, rópa, cáblaí, earraí rubair agus eile ann freisin.[1]
Rialtas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá príomhoifigí agus cúirteanna stáit New Jersey agus chontae Mercer suite i dTrenton. Cé gurb é Trenton príomhchathair New Jersey, tá teach cónaithe oifigiúil an ghobharnóra, Drumthwacket, suite i mbaile Princeton. (Dála roinnt gobharnóirí eile sa stát, roghnaigh Chris Christie, an gobharnóir i láthair na huaire, gan bheith ina chónaí ann.)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Encyclopædia Britannica, 11ú eagrán (1910), “Trenton”.
