Trecheng Breth Féne
Is cnuasach ilchineálach de 256 tré Sean-Ghaeilge is ea Trecheng Breth Féne, "Trí-cheann (tré) Bhreith(iúnas) Féin (na nGael)". Faightear mar ábhair ann an nádúr, tíreolaíocht, dlí, nósanna agus iompraíocht. Meastar gur dhiolaimiodh an stair sa 9ú haois.[1]
Ábhar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá lear mór ábhar sna tréanna:
- mainistreacha: 1-31
- tíreolaíocht: 32-61
- an Féineachas: 86-149
Níl ann ach meascra sa chuid eile.
Níl ach 214 den 256 i bhfoirm thréchinn. Tá trí dhócheann, seacht gceithrecheann, aon naoicheann amháin. Níl ann ach abairtín amháin sna 31 iontrálacha mainistreach.[2]
Seo a leanas mar shampla Trécheann 91:
Trí gena ata messu brón: |
Trí ghean atá measa brón: |
Lámhscríbhinní
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Leabhar Buí Leacáin (LBL), col. 236 ff, lch. 414b-418a (CnT, Baile Átha Cliath: H 2.16). Iomlán.
- Leabhar Bhaile an Mhóta (LBM), ff. 65b-66b (ARÉ, BÁC: 23 P 12).
- Leabhar Uí Mhaine, f. 190a1-191a2. Iomlán.
- Leabhar Mór Leacáin (LML), ff. 183b-184b (CnT, BÁC: H 2.17).
- LS páipéir scríofa ag Tadhg Tiorthach Ó Neachtain sa bhliain 1745, ll. 98–101 (ARÉ, BÁC: 23 N 10),
- LS páipéir scríofa sa bhliain 1575, ll. 946–957 (CnT, BÁC: H 1.15)
- LS scríofa ag Domnall ó Duind Mac Eimuinn sa bhliain 1714, ff. 1a-7b (ARÉ, BÁC: Stowe 23 N 27)
- droch-chóip truaillithe scríofa ag Peter O'Longan sa 1836 (Rylands Library, Manchester).
- LS Kilbride III, f. 9b2 (Advocates Library, Dún Éadain). Párpháipéar.
Níl ann fós ach an t-aon eagrán amháin foilsithe ag Kuno Meyer sa bhliain 1906. Tá an téacs bhunaithe ar sé lámhscríbhinn (LBL, LBM, Uí Mhaine, LML, 23 N 10 AGUS H 1.15) agus bhí sé ar an eolas faoi thrí eile (23 N 27, cóip Ryland agus Kilbride).[4] Deir Fergus Kelly gur thángthas ar cheithre leagan eile ón am sin agus dá bharr tá eagrán nua de dhíth.[5]
Dáta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaithe ar fhianaise teangeolaíochta, mheas Meyer nár scríobhadh na tréanna tar éis na bliana 900 AD. Agus i dteannta sin le fianaise roinnt díochlaontaí sa téacs, meas sé nach raibh siad níos sine ná c. 850 A.D.[6]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Meyer, Kuno, ed. (1906), "The Triads of Ireland", Todd Lecture Series (in Béarla and Gaeilge), Hodges, Figgis, & Co, Baile Átha Cliath; Williams & Northgate, Londain, no. 13
- The Triads of Ireland ar CELT
- Liosta le Dennis (Donncha) King ar Sabhal Mòr Ostaig ar.
- Kelly, Fergus (2004), "Sir John Rhys Memorial Lecture. Thinking in Threes: The Triad in Early Irish Literature", Proceedings of the British Academy, 125: 1–18, www.britac.ac.uk taifead fuaime
- Sims-Williams, Patrick (1978), "Thought, Word and Deed: an Irish Triad", Ériu, 29: 78–111, JSTOR 30007767
Sa lá inniu ann
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Feictear scigaithris ar an bhfoirm san úrscéal le Flann O'Brien, At Swim-Two-Birds (1939).
- An illustrated adaptation of selected Triads specially designed as gift book or for children: Fergus Kelly (introduction), Aislinn Adams (illustrator). The Three Best Things. Appletree. 1994.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Kelly 2004, p. 2.
- ↑ Kelly 2004, pp. 1–3.
- ↑ Meyer 1906, ll. 12-3.
- ↑ Meyer 1906, introduction.
- ↑ Kelly 2004, lch. 1.
- ↑ Meyer 1906, p. x.