Jump to content

Toghchán Chomhthionól Thuaisceart Éireann 2022

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Toghchán Chomhthionól Thuaisceart Éireann 2022
 ← 2017 Cuir in eagar ar Wikidata next Northern Ireland Assembly election (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata  → 
Am5 Bealtaine 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáltoghchán Thionól Thuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachan90 Comhalta den Tionól Reachtach ≈ 7ú Tionól Thuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Líon daoine a vótáil
Electorate (en)1,373,731 Cuir in eagar ar Wikidata
873,781Percentage point (en) 1.17
Total valid votes (en)862,703    Number of blank votes (en)  ?    Number of spoilt votes (en)  ? 
Toradh vótála Cuir in eagar ar Wikidata
<1
2>
SF  — Michelle O'Neill
Percentage point (en) 1.11
Member of a legislative assembly 27 → 27
<1
2>
DUP  — Jeffrey Donaldson
Percentage point (en) 6.73
Member of a legislative assembly 28 → 25 Líon suíochán 3
<1
2>
APNI  — Naomi Long
Percentage point (en) 4.48
Member of a legislative assembly 8 → 17 Líon suíochán 9
<1
2>
UUP  — Doug Beattie
Percentage point (en) 1.69
Member of a legislative assembly 10 → 9 Líon suíochán 1
<1
2>
SDLP  — Colum Eastwood
Percentage point (en) 2.88
Member of a legislative assembly 12 → 8 Líon suíochán 4
<1
2>
TUV  — Jim Allister
Percentage point (en) 5.08
Member of a legislative assembly 1 → 1
? ? ?
IND
Member of a legislative assembly 2
<1
2>
PBP  — Eamonn McCann
Percentage point (en) 0.62
Member of a legislative assembly 1 → 1

Reáchtáladh Toghchán Chomhthionól Thuaisceart Éireann ar 5 Bealtaine 2022. Bhí 90 suíochán ar fad sa chomhthionól; toghadh 5 feisire tionóil as gach ceann de 18 toghlach ar fud Thuaisceart Éireann.[1]

Bhí Sinn Féin chun tosaigh ar gach páirtí eile sna pobalbhreitheanna réamhthoghcháin.[2] An costas maireachtála an téama is mó a bhí ag Sinn Féin. Ach cnámh spairne mhór a bhí sa Phrótacal Thuaisceart Éireann agus an mhíshástacht a bhí cothaithe aige, i measc an DUP ach go háirithe.[3] Bhí sé ráite ag an DUP nach nglacfaidh siadsan páirt i bhfeidhmeannas nua mura dtéitear i ngleic le Prótacal an Tuaiscirt, an cheist is mó atá ag déanamh tinnis dóibh ó d'imigh an Bhreatain as an Aontas Eorpach.

Conor Murphy, Mary Lou McDonald, John Finucane agus Michelle O'Neill, 4 Aibreán 2022

D'éirigh le Sinn Féin 27 suíochán a bhuachan, 2 cheann sa bhreis ar an bpríomh-pháirtí aontachtach,an DUP. Don chéad uair riamh, ní raibh ag páirtí aontachtach an móramh sa Tuaisceart

Seo an toradh iomlán agus comparáid leis an toghchán deiridh i 2017 idir na lúibíní.[4]

Bhí Alliance sásta le toradh an toghcháin go háirithe, a líon suíochán dúbailte aige go 17. Maidir le Páirtí Aontachtach Uladh (UUP) agus an páirtí náisiúnach SDLP, chonaic siadsan laethanta i bhfad ní ab fhearr sa Tuaisceart, an 2 pháirtí ba láidre ag bunú an chomhthionóil i 1998. Ní raibh aon suíochán ag Comhaontas Glas i gComhthionól Stormont sa bhliain 2022 i ndiaidh dhó an péire a bhí aige ón toghchán 2017 a chailleadh.

De réir na bhforálacha, ba le Sinn Féin post na céad-aireachta, cé go raibh an stádas céanna aige go hoifigiúil le post na leaschéad-aireachta a gcaithfear é a bhronnadh sa gcás seo ar an DUP.

Emma Little Pengelly in 2017

Scannal Donaldson / Little Pengelly

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtoghchán an Tionóil, bhí Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP, ar cheann an chomhairimh i nGleann an Lagáin. Ansin d’fhógair Donaldson go bhfanfadh sé ina fheisire Parlaiminte Westminister mar chuid dá fheachtas in éadan an phrótacail iarBhreatimeachta agus d’ainmnigh sé Little Pengelly mar theachta Tionóil ina ionad. Bhí an beart dleathach ach baineadh siar as daoine gur tharla sé chomh luath sin tar éis lá na vótála; an chéad uair a ndearnadh é mar gur roghnaigh an té a toghadh gan freastal ar Stormont. Comhthoghtar ionadaithe chun fothoghcháin a sheachaint. Ba é seo an dara huair a comhthoghadh Emma Little Pengelly mar theachta.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Nuacht RTÉ (2022-05-08). "6 mhí atá ag páirtithe ó thuaidh le rialtas a bhunú" (as ga). 
  2. Nuacht RTÉ (2022-05-06). "Vótaí á gcomhaireamh i dtoghchán Chomhthionól Stormont" (as ga). 
  3. Nuacht RTÉ (2022-05-08). "'Caithfear ceist an phrótacáil a réiteach'-Coveney" (as ga). 
  4. Nuacht RTÉ (2022-05-06). "Toghchán Chomhthionól Stormont: Sinn Féin chun cinn" (as ga). 
  5. Póilín Ní Chiaráin (18 Bealtaine 2022). "Caithfear a chinntiú gur ar mhaithe leis an bpobal seachas na páirtithe an comhthoghadh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-03.