Tobias Asser
Appearance
Duine de na dhlíodóirí idirnáisiúnta ba thábhachtaí sa 20ú haois ba ea Tobias Michael Carel Asser (28 Aibreán 1838 – 29 Iúil 1913), ollamh Ísiltíreach leis an dlí.[1]
Bhí baint nach beag ag Asser i mbunú :
- an Bhuanchúirt Eadrána[2]
- Comhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach[3][4]
- an Institiúid um an Dlí Idirnáisiúnta[5] agus
- Acadamh na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta[6], a bunaíodh tar éis moill de bharr an Chéad Chogadh Domhanda.
Mar gheall ar an obair sin, go mór mór i dtaca le Comhdháil na Háige, bronnadh Duais Nobel na Síochána air (in éineacht le Alfred Hermann Fried) sa bhliain 1911.
Ainmníodh an T.M.C. Asser Instituut[7] sa Háig in ómós dó; tá sí comhcheangailte le hOllscoil Amstardam, áit ina raibh sé ina ollamh leis an dlí.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Scoil Dlí, COBAC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-07-29.
- ↑ "'Permanent Court of Arbitration' — Téarmaíocht / Téarmaíocht IATE". Grúpa taighde Gaois. Dáta rochtana: 2020-07-29.
- ↑ ""Comhdháil na Háige"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-07-29.
- ↑ "Hague Conference on Private International Law" (as en) (2020-07-19). Wikipedia.
- ↑ "Institut de Droit International" (as en) (2020-05-26). Wikipedia.
- ↑ "The Hague Academy of International Law" (as en) (2020-05-01). Wikipedia.
- ↑ "T.M.C. Asser Instituut" (as en) (2020-07-07). Wikipedia.