Three Mile Island
Three Mile Island | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Stáisiún núicléach | |||
Foirgníocht | 1970 | |||
Croineolaíocht | ||||
Three Mile Island accident (en) | ||||
Tréith | ||||
Staid úsáide | díchoimisiúnaithe | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Bailecheantar Londonderry, Pennsylvania | |||
Suíomh | Three Mile Island | |||
| ||||
Gníomhaíocht | ||||
Am oibriúcháin | 2 Meán Fómhair 1974 – 20 Meán Fómhair 2019 | |||
Úinéir | Exelon | |||
Oibreoir | Exelon | |||
Cumhacht rátáilte | 819 MW | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | exeloncorp.com… | |||
Stáisiún núicléach ginte leictreachais i lár stát Pennsylvania sna Stáit Aontaithe is ea Three Mile Island.
Tharla drochthionóisc ann sa bhliain 1979, nuair a leáigh cuid mhaith de chroíleacán an imoibreora agus a sceith roinnt iseatóp radaighníomhach san atmaisféar.
An tubaiste
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 28 Márta 1979, is amhlaidh a tharla teip sa chóras fuaraithe[1], ach in ionad an croíleacán a bhá le huisce, lasc na hoibreoirí an córas éigeandála fuaraithe as ionas go raibh an croíleacán saor ó uisce fuaraithe ar feadh 40 nóiméad ar a laghad.
Leádh is loiteadh timpeall 75% den chroíleacán, ach ar ámharaí an tsaoil níor leádh go hiomlán é agus níor thit an breosla núicléach leáite go bun an tsoitheach treisithe coinneála. Dá dtarlódh a leithéid, bheadh baol ann go ngalódh teas an chroíleacáin aon uisce ansin, nó fiú faoin talamh faoina bhun, agus go dtarlódh pléasc chumasach gaile a réabfadh an soitheach is a sceithfeadh an-chuid ábhair radaighníomhaigh ón gcroíleacán amach san atmaisféar.
Is cinnte go raibh an tionóisc sin an-ghar dá leithéid d'olltubaiste, agus bhí an t-ádh ar phobal Pennsylvania nár treádh an soitheach is go raibh teorainn leis an oiread radaighníomhaíochta a sceitheadh san atmaisféar.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ https://www.nrc.gov/reading-rm/doc-collections/fact-sheets/3mile-isle.html
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Three Mile Island". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 661.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |