Teuvo Tulio

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTeuvo Tulio

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(fi) Teuvo Tulio
(lv) Teodors Turlajs
Beathaisnéis
Breith(lv) Theodor Antonius Deroschinsky-Tugai
23 Lúnasa 1912
Cathair Pheadair, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Meitheamh 2000
87 bliana d'aois
Heilsincí, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaHietaniemi cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstiúrthóir scannán, scríbhneoir scripte, léiritheoir scannáin, aisteoir scannáin, aisteoir, eagarthóir scannán Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1929 –  1972
TeangachaAn Fhionlainnis

IMDB: nm0876343 Allocine: 222737 Allmovie: p474674 Cuir in eagar ar Wikidata

Is é an meas atá ar Teuvo Tulio, nó Theodor Antonius Deroschinsky-Tugai (23 Lúnasa 1912 Cathair Pheadair - 8 Meitheamh 2000 Heilsincí) gurbh eisean máistir an anghrá agus an mhéaldráma i stair scannánaíochta na Fionlainne. Ina aisteoir a thosaigh sé sa bhliain 1929, agus é ag déanamh róil thábhachtacha i scannáin leis an stiúrthóir Valentin Vaala a bhí suite i saol na nGiofóg.

Bhí folaíocht na Laitvia is na Rúise ann, agus cuma eachtrannach air a rinne an-mhealltach, an-draíochtúil i súile na mban é. Cuireadh i gcomparáid le Rudolph Valentino féin é. Sa bhliain 1936 a stiúraigh sé an chéad scannán dá chuid féin.

Na scannáin a rinne sé sna tríochaidí, bhí siad uile bunaithe ar chlasaicigh mhóra na litríochta Fionlannaí, agus thaitin siad go mór mór leis na léirmheastóirí. Chaith sé na blianta cogaidh ag déanamh obair bolscaireachta don arm.

Roimh an gcogadh, ba iad na méaldrámaí tuaithe a thuill a chlú dó, ach ina dhiaidh sin, chrom sé ar chur síos a thabhairt ar shaol na cathrach. Bhí saol drabhlásach, peacúil na cathrach ina théama tábhachtach sna scannáin seo, agus laoch tipiciúil ab ea an cailín macánta ón tuath a chuaigh le meirdreachas sa chathair mhór.

Valentin Ivanoff (Valentin Vaala) agus Theodor Tugai (Teuvo Tulio), 1920idí

Bhí na téamaí seo oiriúnach go maith don stíl dhrámatúil scannánaíochta a bhí ag Tulio, ach san am céanna, is léir go raibh deacrachtaí go minic aige le cinsireacht na scannán. Shíltí, freisin, go ndeachaigh sé thar fóir, ó thaobh na gcúrsaí craicinn de, sa dá scannán deireanacha a rinne sé, mar atá, Se alkoi omenasta (1962) agus Sensuela (1972). Cuireadh pornagrafaíocht i leith Sensuela, ach go háirithe.

Tús a Shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Teodor Tugai sa bhliain 1912 do thuismitheoirí a raibh fréamha acu sa Tuirc, sa Pheirs, sa Pholainn agus sa Laitvia ar an traein ó Ríge go Cathair Pheadair.

Helena Garschin ab ainm dá mháthair, agus í ina cailín clúiteach bailé. D'fhás Teodor óg aníos faoin tuath sa Laitvia, go dtí gur aistrigh sé go Katajanokka i Heilsincí in éineacht lena mháthair sa bhliain 1922.

Nuair a bhí sé ina dhéagóir, d'éirigh sé cairdiúil le buachaill a bhí trí bliana ní ba shine, Valentin Vaala, a bhí le héifeacht a dhéanamh i saol na scannánaíochta chomh maith. Bhí an bheirt buachaillí ag freastal ar an scoil chéanna, Scoil Rúisise Tabunov, agus ina dhiaidh sin chuaigh Tugai ag foghlaim i Scoil Ghearmánach Heilsincí.

Ag Aisteoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scannán "Mustat silmät": Theodor Tugai ar chlé agus Valentin Vaala ar dheis.

Ní raibh Vaala agus Tugai ach ina bhfir óga nuair a thosaigh siad ag scannánaíocht. Sa bhliain 1929 rinne siad scannán tostach faoin teideal Mustat silmät ("Na Súile Dubha"). Bhí an scannán sin bunaithe ar mhóitíf ó shaol na nGiofóg, agus ba é Tugai a rinne an phríomhpháirt, ach ní raibh Vaala sásta leis an scannán, agus rinne an bheirt acu leagan feabhsaithe de sa bhliain chéanna, Mustalaishurmaaja.

Sa bhliain 1931, lean Tugai leis ag aisteoireacht ar an scannán Laveata tietä, agus ba ansin a casadh Regina Linnanheimo air - bhí siad ina lánúin sna caogaidí, i ndiaidh d'fhear céile Regina bás a fháil, ach níor phós siad riamh. Bhí Regina Linnanheimo ar réaltaí móra na scannánaíochta Fionlannaí sna tríochaidí agus sna daichidí.

Cé go raibh páirteanna feiceálacha ag Tugai sna scannáin, choinnigh sé a shaol príobháideach aige féin, agus ní théadh sé faoi agallamh ag na nuachtáin. Sa bhliain 1935 d'éirigh sé as aisteoireacht scun scan agus chrom sé ar stiúrthóireacht.

Ag Stiúradh Scannán[cuir in eagar | athraigh foinse]

1973

Nuair a thosaigh Tugai ag stiúradh scannán, ghlac sé chuige an t-ainm Teuvo Tulio, a raibh blas ní b'Fhionlannaí air. An chéad scannán a stiúir sé, ba é an teideal a bhí air ná Taistelu Heikkilän talosta, a bhí bunaithe ar scéal le Johannes Linnankoski, scríbhneoir Fionlannach a tharraing callán áirithe chomh hanghrách is a bhí a chuid saothar de réir chaighdeán na linne - mar sin bhí a chuid scéalta thar a bheith oiriúnach mar mhianach do scannáin le Tulio!

Ba í Regina Linnanheimo a rinne an phríomhpháirt sa scannán seo chomh maith. D'athscannánaigh Tulio an scéal sa bhliain 1947 faoin teideal Intohimon vallassa. Ní féidir ach an dara scannán acu a fheiceáil inniu, nó chuaigh an t-aon chóip amháin de Taistelu Heikkilän talosta trí thine sa bhliain 1959, nuair a scrios dóiteán mór oifigí an chomhlachta scannánaíochta úd Adams-Filmi.

Nuorena nukkunut[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Nuorena nukkunut an chéad scannán eile le Tulio - sa bhliain 1937 a chríochnaigh sé é. Ba í Linnanheimo a rinne an príomhról arís, ach an iarracht seo bhí an scéal bunaithe ar shaothar scríbhneora eile seachas Linnankoski - ba é Frans Emil Sillanpää, a raibh i ndán dó Duais Nobel sa Litríocht a bhaint, údar an scéil.

Ba é Nuorena nukkunut an chéad úrscéal a tháinig óna pheann - úrscéal faoi chailín óg a fuair bás le créachta. Tá an grá collaí agus an bás fite fuaite le chéile i scéal an chailín, rud a thug an-inspioráid do Tulio, mar ba dhual dó.

Laulu tulipunaisesta kukasta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ie é an scannán Laulu tulipunaisesta kukasta an ceann is cáiliúla dá ndearna Tulio, agus é bunaithe ar úrscéal Johannes Linnankoski. Móitíf anghrách atá ann chomh maith - fear óg agus a chuid leannán a gcuireann tú an coimeadar orthu le seafóid rómánsúil le hiad a thréigean i ndiaidh caidreamh collaí. Sa deireadh áfach castar bean de na cailíní air arís agus í ina striapach anois, rud a thugas ar an bhfear óg machnamh a dhéanamh ar a fhreagracht féin as ar tharla di.

Nuair a bhí na daichidí ag druidim chun deiridh, bhí Tulio i dteagmháil le Paramount Pictures, agus bhí an chuma ar an scéal go raibh script le Tulio le scannánú i Meiriceá. Níor fíoraíodh an aisling seo sa deireadh, nó fuair an léiritheoir bás i dtoibinne.

Sensuela[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Sensuela an scannán deireanach a rinne Tulio. Críochnaíodh sa bhliain 1973 é, ach níor éirigh leis mórán poiblíochta a mhealladh. Scannán anghrách a bhí ann, ach má bhí Tulio ina mháistir ar an earótacht sheanfhaiseanta a bhí bunaithe ar mhionleideanna, ní raibh sé in ann scannán a dhéanamh a bheadh oscailte nó gairéadach i dtaobh na gcúrsaí seo. Ní raibh scéal ná plota loighciúil ann, agus ba ábhar gáire é an feistiú stáitse. Rinne Tulio ula mhagaidh de féin leis an scannán, agus is dócha gurbh é scannal Sensuela a thug air éirí as stiúrthóireacht scannán scun scan.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Taistelu Heikkilän talosta ("Teach Heikkilä ina Chúis Achrainn") 1936
  • Nuorena nukkunut ("A Thit ina Codladh go hÓg") 1937, bunaithe ar úrscéal le Frans Eemil Sillanpää
  • Kiusaus ("An Cathú") 1938
  • Laulu tulipunaisesta kukasta ("An tAmhrán faoin mBláth Caordhearg") 1938, bunaithe ar úrscéal le Johannes Linnankoski
  • Vihtori ja Klaara ("Vihtori agus Klaara", nó "Vioctóir agus Sorcha") 1939
  • Unelma karjamajalla ("An Aisling ag Bothán na mBó") 1940
  • Sellaisena kuin sinä minut halusit ("Mar a theastaigh mé uait") 1944
  • Rakkauden risti ("Cros an Ghrá") 1946
  • Levoton veri ("An Fhuil Mhíshuaimhneach") 1946
  • Intohimon vallassa ("Gafa ag an bPaisiún") 1947
  • Forsfararnas kvinna (leagan Sualainnise den scannán Fionlainnise Hornankoski, nó "Fánsruth Ifrinn" a stiúraigh Roland af Hällström) 1949
  • Rikollinen nainen ("An Coirpeach Mná") 1952
  • Mustasukkaisuus ("Éad") 1953
  • Olet mennyt minun vereeni ("Chuaigh tú san fhuil ionam") 1956
  • Se alkoi omenasta ("Úll a chuir tús leis") 1962
  • Sensuela 1972

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]