Jump to content

Súfaíochas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaSúfaíochas
(ar) التَّصَوُّفُ Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
(2014) Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálgluaiseacht reiligiúnach
way of life (en) Aistrigh
stíl bheatha Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnIoslam Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Bunaitheoir(í)Mahamad Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
OibreoirSufi (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna
Wird (en) Aistrigh
maqam (en) Aistrigh
ḥāl (en) Aistrigh
Warid (en) Aistrigh
Lataif-e-sitta (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deworship in Islam (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Deirbhísigh ag déanamh fiodrince os comhair thuama Mawlānā Rumi, máistir Súfaíoch, in Konya, sa Tuirc

Is éard atá i gceist leis an SúfaíochasTaṣawwuf (Araibis: التصوف‎‎), ná gné mhistiúil d'Ioslam, nó gluaiseacht mhisteach reiligiúnach a tháinig ar an bhfód i measc na Moslamach san ochtú haois.

Tugtar 'sufaí (Araibis:صوفي, ṣūfī) de ghnáth ar dhuine a chleachtann an traidisiún seo. Ainm eile a thugtar ar 'sufaí' ná 'dairbhíseach' (Peirsis: درویش, Darvīsh).

Deir na Súfaithe go bhfuil siad meáite ar an anam a imghlanadh agus na constaicí idir an anam agus Dia a bhriseadh.

Shainmhínigh scoláirí Clasaiceacha Sufaisteacha an traidisiún mar "eolaíocht a bhfuil sé mar aidhm aici an croí a dheisiú agus é a chasadh ar shiúl ó gach rud eile ach Dia."

Ina mhalairt air sin, i bhfocail Ahmad ibn Ajiba, múinteoir na Sufaisteach Darqawi, "eolaíocht is ea í inar féidir le duine fios a bhaint amach conas dul ar thaisteal i láthair an Dhiagaire, conas an duine inmheánach féin a íonghlanadh ó bhrocamas, agus é a mhaisiú le tréithe éagsúla inmholta".

Callagrafaíocht Hilya. Foinse: www.sufism.org/images/art/sabcaliphs.gif

Thosaigh an litríocht Shúfaíoch ag éirí fairsing timpeall na bliana 1000. I Ré Órga Ioslam bhí an-ráchairt ar an smaointeoireacht Shúfaíoch, agus ba bheag file Ioslamach nár imir an Súfaíochas tionchar éigin air.

An Súfaíochas inniu

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Inniu is féidir teacht ar lucht leanúna na gluaiseachta ar fud an domhain.