An Súfaíochas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Sufaisteachas)
Deirbhísigh ag déanamh fiodrince os comhair thuama Mawlānā Rumi, máistir Súfaíoch, in Konya, sa Tuirc

Is éard atá i gceist leis an SúfaíochasTaṣawwuf (Araibis: التصوف‎‎), ná gné mhistiúil den Ioslam, nó gluaiseacht mhisteach reiligiúnach a tháinig ar an bhfód i measc na Muslamach san ochtú haois.

Tugtar 'sufaí (Araibis:صوفي, ṣūfī) de ghnáth ar dhuine a chleachtann an traidisiún seo. Ainm eile a thugtar ar 'sufaí' ná 'dairbhíseach' (Peirsis: درویش, Darvīsh).

Smaointeachas[athraigh | athraigh vicithéacs]

Deir na Súfaithe go bhfuil siad meáite ar an anam a imghlanadh agus na constaicí idir an anam agus Dia a bhriseadh.

Shainmhínigh scoláirí Clasaiceacha Sufaisteacha an traidisiún mar "eolaíocht a bhfuil sé mar aidhm aici an croí a dheisiú agus é a chasadh ar shiúl ó gach rud eile ach Dia."

Ina mhalairt air sin, i bhfocail Ahmad ibn Ajiba, múinteoir na Sufaisteach Darqawi, "eolaíocht is ea í inar féidir le duine fios a bhaint amach conas dul ar thaisteal i láthair an Dhiagaire, conas an duine inmheánach féin a íonghlanadh ó bhrocamas, agus é a mhaisiú le tréithe éagsúla inmholta".

Litríocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Callagrafaíocht Hilya. Foinse: www.sufism.org/images/art/sabcaliphs.gif

Thosaigh an litríocht Shúfaíoch ag éirí fairsing timpeall na bliana 1000. I Ré Órga an Ioslaim bhí an-ráchairt ar an smaointeoireacht Shúfaíoch, agus ba bheag file Ioslamach nár imir an Súfaíochas tionchar éigin air.

An Súfaíochas inniu[athraigh | athraigh vicithéacs]

Inniu is féidir teacht ar lucht leanúna na gluaiseachta ar fud an domhain.