Struchtúr an núicléis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Struchtúr an núicléis adamhaigh ina bhfuil prótóin is neodróin, is é sin núicléóin. Sa chuid is mó de núicléis bíonn líon na neodrón, N, níos mó ná líon na bprótón, Z, go mór mór i gcás na ndúl trom, agus éiríonn an neamhchothromaíocht seo ón éaradh leictreastatach idir na prótóin, nach bhfuil a leithéid ann i gcás na neodrón. Tá eolas ar timpeall 2,000 saghas núicléis, is é sin an oiread sin cnuasach prótón is neodrón, ach níl ach 283 díobh sin cobhsaí nó fadsaolach. Ar chairt Segré na núicléas, le líon na neodrón ar an ais chothrománach is líon na bprótón ar an ais cheartingearach, déanann na núicléis banda leathan beagnach fiarthrasna rud beag faoi bhun líne ar a mbeadh líon na neodrón cothrom le líon na bprótón. Luíonn na núicléis chobhsaí ar feadh lár an bhanda. Maidir leis na núicléis atá i bhfad amach ón lárlíne, tá neamhchothromaíocht prótón is neodrón acu is iad éagobhsaí. Bíonn na núicléis le breis neodrón faoi bhun na lárlíne, agus iad sin le breis prótón os cionn na lárlíne. Bíonn luan neodrón ag cuid de na núicléis le breis neodrón, mar a bheadh ina chraiceann timpeall ar an gcroíleacán lárnach núicléach. Tá fianaise ann go gcruthaíonn na núicleóin braislí sa núicléas. Mar shampla, oibríonn Be-12 (ina bhfuil 4 phrótón is 8 neodrón) mar a bheadh dhá alfa-cháithnín nasctha le chéile le 4 neodrón ann. Is féidir núicléis a fhloscadh, mar shampla trí imbhuailtí i luasairí, agus ansin cailleann siad fuinneamh chun éirí dífhlosctha trí astú gáma-ghathanna. Léiríonn speictream an fhuinneamh gáma-ghathaíochta gur féidir na prótóin is na neodróin a fhloscadh chuig leibhéil scoite fuinnimh taobh istigh den núicléas, analógach le patrún na leibhéil fuinnimh a bhíonn ag leictreoin fhlosctha san adamh. Gluaiseann na neodróin is na prótóin i bhfithisí imlíneacha glana taobh istigh den núicléas. Tugtar isiméirí núicléacha ar na staideanna fadsaolacha ar féidir na prótóin nó na neodróin a fhloscadh isteach iontu. Bíonn an chuid is mó de na núicléis díchumtha, is é sin, ní bhíonn siad sféarúil, agus léiríonn a móimint leictreach cheathairpholach intomhaiste é seo. Tugtar núicléas ródhíchumtha ar cheann ar chruth éileapsóideach le príomhais atá dhá fhad na haise bige. Tá beagán núicléas ar eolas a bhfuil móiminteam uilleach ard acu is iad flosctha, ionas nach féidir leo meath is go bhfanann siad sa staid fhlosctha fhadsaolach a dtugtar gaiste guairne air. Sampla den fheiniméan seo is ea an t-iseatóp nádúrtha Ta-180. Saothraíodh samhlacha éagsúla de struchtúr an núicléis chun cur síos ar thréithe áirithe de. Sa bhraonsamhail, samhlaítear an núicléas mar bhraon aonchineálach leachta núicléach, agus is áisiúil í seo chun na tréithe toirte a thuiscint, is iad sin, méid an núicléis, a fhuinneamh nascach, an difríocht idir mais na núicléón sa núicléas is fíormhais an núicléis féin. Sa sceallsamhail, ina ngluaiseann gach núicléón ina log poitéinsiúil féin mar gheall ar chomhiarmhairt a chompánach go léir, is féidir míníú a thabhairt ar an bhfíric go bhfuil leibhéil fuinnimh sa núicléas, na sceallaí ag léiriú na ngrúpaí le raonta cosúla leibhéil fuinnimh. Sa chnuas-samhail, scrúdaítear gluaiseacht an núicléis ina hiomláine agus a bhíogthaí, nó gluaiseachtaí na gcnuasach núicléón, cosúil leis na hascaluithe coibhneasta prótón ina neodróin agus na hathshondais mhóra is féidir teacht astu sin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Struchtúr an núicléis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 631.