An difríocht idir athruithe ar: "Charles Stewart Parnell"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
heepjuly
Líne 27: Líne 27:
== Conradh na Talún ==
== Conradh na Talún ==
Bhunaigh [[Mícheál Dáibhéad (polaiteoir)|Mícheál Dáibhéad]] Conradh na Talún sa bliain 1879. Ba é Parnell an chéad uachtarán ar an gConradh. Theastaigh ó Chonradh na Talún deireadh a chur le cíosanna arda agus díshealbhú, agus deis a thabhairt do thionúntaí an talamh a cheannach dóibh féin. Bhí modhanna síochánta ag an gConradh. Cuireadh cruinnithe ar siúl áit ar bith a raibh trioblóid ann, agus mhol an Conradh baghcat a dhéanamh.

[[Íomhá:Charles Cunningham Boycott (Vanity Fair).jpg|clé|mion|242x242px|[[Baghcat (agóid)|Captaen Boycott]]]]

Chuir cumhacht an Chonartha eagla ar an rialtas Gallda agus gabhadh Parnell. Bhí sé i bpríosún ar feadh tamaill. Scaoileadh saor é nuair a dhiúltaigh tionóntaí cíos ar bith a íoc. Sa bhliain 1881 tháinig acht i bhfeidhm a bhunaigh cúirteanna talún chun cíos cothrom a shocrú. As sin amach ní bheadh tiarna talún in ann tionónta a dhíshealbhú má bhí an cíos íoctha aige.

Sa bhliain 1879, chuaigh sé go Meiriceá chun airgead a bhailiú agus cabhair a lorg. Bhí an-tóir air i measc na ndaoine.
Sa bhliain 1879, chuaigh sé go Meiriceá chun airgead a bhailiú agus cabhair a lorg. Bhí an-tóir air i measc na ndaoine.

Thaistil Parnell an [[tír]] ag cur ina luí ar na daoine tacú le leasú chóras na talún.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.cogg.ie/wp-content/uploads/St%C3%B3r-Staire.pdf|teideal=Stóë Staire|údar=COGG|dáta=|dátarochtana=2020}}</ref> Ar an [[19 Meán Fómhair]] [[1880]] in [[Inis (baile)|Inis]], [[contae an Chláir]], thug Parnell óráid cáilúil ag moladh modhanna [[Síocháin|síochánta]] nuair a spreag sé neamhíocaíocht [[Cíos|cíosa]] agus [[Baghcat (agóid)|baghcait]]. Ach bhain Parnell úsáid as na focail "shun" (seachain) agus "coventry" ag an am. Thug an pobal cúl droma do [[Baghcat (agóid)|Captaen Boycott]] cúpla lá níos déanaí agus tháinig an focal " [[Baghcat (agóid)|baghcat"]] i bhfeidhm.
[[Íomhá:Katherine O Shea.jpg|clé|mion|204x204px|Katharine O'Shea (Mrs Charles Stewart Parnell)]]
[[Íomhá:Katherine O Shea.jpg|clé|mion|204x204px|Katharine O'Shea (Mrs Charles Stewart Parnell)]]

Líne 48: Líne 50:
Bhí scoilt sa Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann nuair a thit Parnell sa bhliain [[1891]].
Bhí scoilt sa Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann nuair a thit Parnell sa bhliain [[1891]].

[[Íomhá:StatueParnellDublin.JPG|thumb|200px|Dealbh chuimhneacháin i mBaile Átha Cliath ar Shráid Pharnell|alt=|clé]]
[[Íomhá:StatueParnellDublin.JPG|thumb|207x207px|Dealbh chuimhneacháin i mBaile Átha Cliath ar Shráid Pharnell|alt=|clé]]
== Scannal O'Shea ==
== Scannal O'Shea ==
Sa bhliain 1890 d'fhógair Parnell go raibh sé chun [[Katharine O'Shea]] a [[Pósadh|phósadh]], bean a bhí tar éis colscaradh a fháil. Bhí adhaltranas ar siúl ag Parnell agus Kitty O'Shea roimhe sin. Chuir an scannal isteach ar a lán daoine. Labhair go leor díobh amach i gcoinne Pharnell, agus chaill sé cuid mhaith dá thacaíocht.

Phós Parnell O'Shea ar [[25 Meitheamh]], [[1891]].
Phós Parnell O'Shea ar [[25 Meitheamh]], [[1891]].
[[Íomhá:CSParnell.jpg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:CSParnell.jpg|deas|mion|131x131px|[[Charles Stewart Parnell]].]]

== Bás agus sochraid ==
== Bás agus sochraid ==
Bhuail taom croí Parnell i nDeireadh Fómhair, agus fuair sé bás i m[[Brighton & Hove|Brighton]] i [[Sasana]]. Ní raibh sé ach 45 bliain d'aois. Bhí níos mó ná 200,000 duine ar a shochraid i m[[Baile Átha Cliath]] ar [[11 Deireadh Fómhair]], [[1891]].

Leagan ó 16:41, 19 Meán Fómhair 2020

Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir

1870 - 1880

Polaiteoir Éireannach ab ea Charles Stewart Parnell (27 Meitheamh, 18466 Deireadh Fómhair, 1891).

Duine de na ceannairí ba thábhachtaí in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe sa naoú haois déag ab ea Parnell, agus tugtar an leasainm "Rí gan choróin na hÉireann" air. Ba bhall de Theach na dTeachtaí é ó 1875 ar aghaidh. Uachtarán Chonartha na Talún ab ea é, agus theastaigh Rialtas Dúchais uaidh.

Bhí cónaí air i nGleanntáin na hAbhainn, Ráth Droma, Contae Chill Mhantáin, agus tá a eastát oscailte don phobal inniu.

Bolscareacht ó Punch (1882) Parnell mar "Irish Frankenstein"

Conradh na Talún

Bhunaigh Mícheál Dáibhéad Conradh na Talún sa bliain 1879. Ba é Parnell an chéad uachtarán ar an gConradh. Theastaigh ó Chonradh na Talún deireadh a chur le cíosanna arda agus díshealbhú, agus deis a thabhairt do thionúntaí an talamh a cheannach dóibh féin. Bhí modhanna síochánta ag an gConradh. Cuireadh cruinnithe ar siúl áit ar bith a raibh trioblóid ann, agus mhol an Conradh baghcat a dhéanamh.

Captaen Boycott

Chuir cumhacht an Chonartha eagla ar an rialtas Gallda agus gabhadh Parnell. Bhí sé i bpríosún ar feadh tamaill. Scaoileadh saor é nuair a dhiúltaigh tionóntaí cíos ar bith a íoc. Sa bhliain 1881 tháinig acht i bhfeidhm a bhunaigh cúirteanna talún chun cíos cothrom a shocrú. As sin amach ní bheadh tiarna talún in ann tionónta a dhíshealbhú má bhí an cíos íoctha aige.

Sa bhliain 1879, chuaigh sé go Meiriceá chun airgead a bhailiú agus cabhair a lorg. Bhí an-tóir air i measc na ndaoine.

Thaistil Parnell an tír ag cur ina luí ar na daoine tacú le leasú chóras na talún.[1] Ar an 19 Meán Fómhair 1880 in Inis, contae an Chláir, thug Parnell óráid cáilúil ag moladh modhanna síochánta nuair a spreag sé neamhíocaíocht cíosa agus baghcait. Ach bhain Parnell úsáid as na focail "shun" (seachain) agus "coventry" ag an am. Thug an pobal cúl droma do Captaen Boycott cúpla lá níos déanaí agus tháinig an focal " baghcat" i bhfeidhm.

Katharine O'Shea (Mrs Charles Stewart Parnell)

Rialtas Dúchais

Ar an 28 Lúnasa 1877, toghadh Charles Stewart Parnell ina uachtarán ar Pháirtí an Rialtais Dúchais (tugadh an “Chónaidhm” air ag an am). Thug an BPE (Bráithreachas Phoblacht na hÉireann) tacaíocht dó is cosúil. Chuir siad an ruaig ar Issac Butt agus an dearcadh measartha a bhí aige i leith roinnt mhaith ceisteanna.[2]

Theastaigh ó Pharnell deireadh a chur le hAcht an Aontais agus Rialtas Dúchais a bhaint amach.[3]

Ar 17 Bealtaine 1880, toghadh Charles Stewart Parnell ina chathaoirleach  ar Léig an Rialtais Dúchais. Amach le William Shaw, a bhí ina mhinistir Protastúnach agus ina Fhuig (Whig).

Bhí Cogadh na Talún ar tí briseadh amach ag an am..

Sa bhliain 1881 cuireadh an "Rí gan choróin” faoi ghlas agus i 1882, siníodh “Conradh” Kilmainham. Aus 'é Charles Stewart Parnell a bhunaigh an Páirtí Parlaiminteach na hÉireann sa bhliain 1882, in áit Léig an Rialtais Dúchais[4],

Ritheadh bille um Rialtas Dúchais na hÉireann sa bhliain 1886, ach ní bhfuair sé faomhadh Theach na dTeachtaí.

Bhí scoilt sa Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann nuair a thit Parnell sa bhliain 1891.

Dealbh chuimhneacháin i mBaile Átha Cliath ar Shráid Pharnell

Scannal O'Shea

Sa bhliain 1890 d'fhógair Parnell go raibh sé chun Katharine O'Shea a phósadh, bean a bhí tar éis colscaradh a fháil. Bhí adhaltranas ar siúl ag Parnell agus Kitty O'Shea roimhe sin. Chuir an scannal isteach ar a lán daoine. Labhair go leor díobh amach i gcoinne Pharnell, agus chaill sé cuid mhaith dá thacaíocht.

Phós Parnell O'Shea ar 25 Meitheamh, 1891.

Bás agus sochraid

Bhuail taom croí Parnell i nDeireadh Fómhair, agus fuair sé bás i mBrighton i Sasana. Ní raibh sé ach 45 bliain d'aois. Bhí níos mó ná 200,000 duine ar a shochraid i mBaile Átha Cliath ar 11 Deireadh Fómhair, 1891.

Cuireadh san uaigh i Reilig Ghlas Naíon é.

1881: an "Rí gan choróin”

Tagairtí

  1. COGG. "Stóë Staire". Dáta rochtana: 2020.
  2. Jackson, Alvin. (2003). "Home rule : an Irish history, 1800-2000". London: Weidenfeld & Nicolson. OCLC 51270900. 
  3. Paul Bew, Parnell, Charles Stewart (1846-1891), politician and landowner, Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press (2004-5)
  4. Cowman, Des - Fianaise na Staire Iml. 3 : Gnéithe de Stair an 20ú hAois, Ar dTuiscint ar an Domhan Nua-Aoiseach (An Gúm 1991).