An difríocht idir athruithe ar: "David Trimble"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: da:David Trimble
leasú
Líne 1: Líne 1:
Polaiteoir i d[[Tuaisceart Éireann]] is ea '''William David Trimble, an Barún Trimble,''' [[Rí-Chomhairle na Ríochta Aontaithe|PC]] (an [[15 Deireadh Fómhair]] [[1944]] a rugadh é), a bhí ina cheannaire ar [[Páirtí Aontachtach Uladh|Pháirtí Aontachtach Uladh]] ó [[1995]] go [[2005]], agus [[Céad Aire Tuaisceart Éireann]] ó [[1998]] go [[2002]].
Polaiteoir i d[[Tuaisceart Éireann]] is ea '''William David Trimble, an Barún Trimble,''' [[Rí-Chomhairle na Ríochta Aontaithe|PC]] (an [[15 Deireadh Fómhair]] [[1944]] a rugadh é), a bhí ina cheannaire ar [[Páirtí Aontachtach Uladh|Pháirtí Aontachtach Uladh]] (UUP) ó [[1995]] go [[2005]], agus [[Céad Aire Tuaisceart Éireann]] ó [[1998]] go [[2002]]. Rinneadh [[tiarna saoil]] de i d[[Teach na dTiarnaí]] ar an [[6 Meitheamh 2006]]. D'fhógraigh sé ar an [[17 Aibreán]] [[2007]] go dtabharfadh sé cúl leis an b[[An Páirtí Caomhach (Ríocht Aontaithe)|Páirtí Caomhach]].


== Saol ==
== Saol ==

Leagan ó 12:16, 17 Aibreán 2007

Polaiteoir i dTuaisceart Éireann is ea William David Trimble, an Barún Trimble, PC (an 15 Deireadh Fómhair 1944 a rugadh é), a bhí ina cheannaire ar Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) ó 1995 go 2005, agus Céad Aire Tuaisceart Éireann ó 1998 go 2002. Rinneadh tiarna saoil de i dTeach na dTiarnaí ar an 6 Meitheamh 2006. D'fhógraigh sé ar an 17 Aibreán 2007 go dtabharfadh sé cúl leis an bPáirtí Caomhach.

Saol

Cháiligh sé mar abhcóide i 1968 i mBéal Feirste. I 1974, i rith Stailc Oibrithe Uladh, d'oibrigh mar chomhairleoir dlíthiúil do Chomhairle Oibrithe Uladh, a bhí faoi smacht Óglaigh Uladh (UVF) agus Cumann Cosanta Uladh (UDA). I 1975, bhí Trimble ina chomh-cheannaire ar an Pháirtí Aontachtach Forásach Urgharda (VPUP), in éineacht le Glenn Barr ón UDA. Cruthaigh William Craig an VPUP chun stop a chur le cumhachtroinnt le náisiúnaithe i rialtas Tuaisceart Éireann. Ag an am seo freisin, bhí sé ag scríobh ailt don iris UVF, Combat.

Chuaigh sé isteach sa Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) i 1978. I ndiaidh paráid na nOráisteach i 1997, nuair a chuir an Constáblacht Ríoga Uladh ruaig ar na Caitlicigh áitiúla as an mBóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin, Contae Ard Mhacha, bhí Trimble agus Ian Paisley ag ceiliúradh an bua a bhí acu. Go luath tar éis seo, bhuaigh sé an rás le ceannasaíocht an UUP.

Sa bhliain 1998, bronnadh Duais Nobel ar Trimble agus John Hume mar aon de réir a obair le síocháin i dTuaisceart Éireann a bhaint amach.