An difríocht idir athruithe ar: "Comhar"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 6: Líne 6:
I Mí na Nollag 2007 fógraíodh nach bhfoilseofaí ''Comhar'' a thuilleadh ó tharla go raibh [[Foras na Gaeilge]] chun deireadh a chur leis an deontas a thug siad don iris. I Mí an Mheithimh 2008, áfach, fograíodh go bhfoilseofaí an iris arís tar éis d'Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin agus an deontas a athnuachan.<ref>[http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=3517&viewby=date The Irish Times, 25 Meitheamh 2008, 'Tá an iris liteartha Comhar le héirí ó mhairbh']</ref>
I Mí na Nollag 2007 fógraíodh nach bhfoilseofaí ''Comhar'' a thuilleadh ó tharla go raibh [[Foras na Gaeilge]] chun deireadh a chur leis an deontas a thug siad don iris. I Mí an Mheithimh 2008, áfach, fograíodh go bhfoilseofaí an iris arís tar éis d'Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin agus an deontas a athnuachan.<ref>[http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=3517&viewby=date The Irish Times, 25 Meitheamh 2008, 'Tá an iris liteartha Comhar le héirí ó mhairbh']</ref>


Ceapadh Aindrias Ó Cathasaigh ina eagarthóir nua ar an iris i samhradh na bliana 2008 ach d'éirigh sé as i Mí na Samhna 2008 mar gur theastaigh, dar leis, ó Bhord Chomhar a ladar a chur i gcúrsaí eagarthóireachta. Lean [[Pól Ó Muirí]] é ina eagarthóir sealadach ó Nollaig 2008, agus is é Ian Ó Caoimh an t-eagarthóir atá anois ann.
Ceapadh Aindrias Ó Cathasaigh ina eagarthóir nua ar an iris i samhradh na bliana 2008 ach d'éirigh sé as i Mí na Samhna 2008 mar gur theastaigh, dar leis, ó Bhord Chomhar a ladar a chur i gcúrsaí eagarthóireachta. Lean [[Pól Ó Muirí]] é ina eagarthóir sealadach ó Nollaig 2008, agus Ian Ó Caoimh ina dhiaidh go dti Márta 2012. Is í Aifric Mac Aodha eagarthóir na hirise faoi láthair, agus is é Seán Tadhg Ó Gairbhí an t-eagarthóir cúnta.


== Tagairtí ==
== Tagairtí ==

Leagan ó 15:53, 10 Bealtaine 2012

Iris mhíosúil Ghaeilge í Comhar a bpléitear litríocht agus cúrsaí reatha inti.

Stair agus ábhar

Bhunaigh An Comhchaidreamh, dream idir-ollscoile, Comhar sa bhliain 1942.[1] Comhlacht carthanachta (uimhir 47559) gan scaireanna atá ann.[2] Fáiltionn an iris roimh scríbhneoirí nua Gaeilge agus tá sí dírithe i gconai ar léitheoirí oilte. Ba é Breandán Ó hEithir t-eagarthoir is mó iomrá, agus i measc na scríbhneoirí aitheanta a bhfuil a shaothar le fail inti tá Seán Ó Ríordáin, Máirtín Ó Direáin, Máirtín Ó Cadhain, Alan Titley agus Seán Mac Mathúna. Foilsíonn Comhar roinnt leabhar freisin.

I Mí na Nollag 2007 fógraíodh nach bhfoilseofaí Comhar a thuilleadh ó tharla go raibh Foras na Gaeilge chun deireadh a chur leis an deontas a thug siad don iris. I Mí an Mheithimh 2008, áfach, fograíodh go bhfoilseofaí an iris arís tar éis d'Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin agus an deontas a athnuachan.[3]

Ceapadh Aindrias Ó Cathasaigh ina eagarthóir nua ar an iris i samhradh na bliana 2008 ach d'éirigh sé as i Mí na Samhna 2008 mar gur theastaigh, dar leis, ó Bhord Chomhar a ladar a chur i gcúrsaí eagarthóireachta. Lean Pól Ó Muirí é ina eagarthóir sealadach ó Nollaig 2008, agus Ian Ó Caoimh ina dhiaidh go dti Márta 2012. Is í Aifric Mac Aodha eagarthóir na hirise faoi láthair, agus is é Seán Tadhg Ó Gairbhí an t-eagarthóir cúnta.

Tagairtí

Féach freisin

Naisc sheachtracha