Speictriméadar ionsúcháin adamhaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Úsáidtear speictriméadar ionsúcháin adamhaigh chun anailís a dhéanamh ar mhiotail throma, amhail luaidhe agus caidmiam, in uisce.


Féadtar méid na dúile i sampla a mheas trí ionsú na radaíochta ag adaimh shaora na dúile sin in ionstraim ar a dtugtar an speictriméadar ionsúcháin adamhaigh.

Tuaslagtar an sampla ar a bhfuil anailís le déanamh agus tugtar isteach san ionstraim mar sprae mín é. Tiontaítear i lasair go hadaimh na dúile ar a bhfuil anailís le déanamh. Gineann lampa speisialta, ina bhfuil an dúil atá i gceist ina chatóid, solas atá saintréitheach den dúil sin. Cuirtear an solas seo tríd an sampla adamhaithe, agus ionsúnn sé é. a ionsúitear ar méid na dúile atá i láthair.

Tá speictriméadracht ionsúcháin adamhaigh (SIA) úsáideach go háirithe chun anailís a dhéanamh ar rianmhiotail. Tá cuid mhór feidhmeanna a bhaineann léi, mar shampla, chun anailís a dhéanamh ar luaidhe san fhuili sna hoibrithe i mianaigh luaidhe. AASBLOCK