Catóid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Catóid

I leictrealú is feadáin díluchtúcháin, an leictreoid dhiúltach a dtéann na leictreoin uaithi isteach sa bhfeadán nó an chill leictricheimiceach. I mbataire, an teirminéal dearfach a dtéann na leictreoin isteach sa bhataire tríthi. I gciorcad atá ceangailte le bataire, ritheann an sruth ó chatóid dhearfach an bhataire tríd an gciorcad go dtí anóid dhiúltach an bhataire. Is ian dearfach an caitian a ghluaiseann i dtreo na catóide diúltaí i leictrealú. Baintear miotail (a dhéanann caitiain) ón anóid, agus deasctar iad ar an gcatóid i leictrealú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Catóid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 122.