Space Patrol (clár teilifíse Briotanach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de sèrie de televisióSpace Patrol
Séanrascience fiction television program (en) Aistrigh
Socraithe sa tréimhse2100 (en) Aistrigh
CruthaitheoirRoberta Leigh
Tíran Ríocht Aontaithe
BunteangaBéarla
TeangaBéarla
Fad na n-eipeasóidí25 min
An chéad eipeasóid7 Aibreán 1963
An eipeasóid dheireanach30 Nollaig 1963
Líon séasúr1
Líon eipeasóidí39
Tuilleadh eolais
IMDB: tt0164289 Cuir in eagar ar Wikidata

Sraithscéal puipéad teilifíse Briotanach é Space Patrol, a croaladh ar ITV sna 1960í. Ficsean eolaíochta i mBéarla do pháistí a bhí ann. Bhain sé le heachtraí chriú spásloinge sa bhliain 2100. Sna Stáit Aontaithe, tugadh an teideal Planet Patrol air, de bhrí go raibh sraith eile darbh ainm Space Patrol sa tír sin sna 1950í.

Roberta Leigh a dhear agus a scríobh an sraithscéal. Scríobh Leigh na sraithscéalta puipéad The Adventures of Twizzle agus Torchy the Battery Boy do Gerry Anderson sna 1950í, sular bhunaigh sí agus Arthur Provis a gcomhlacht teilifíse féin, Wonderama. Scannánaíodh Space Patrol i rith 1962, agus taispeánadh an chéad eipeasóid ar 7 Aibreán 1963 ar ABC. 39 n-eipeasóid dhubh agus bhán a bhí ann san iomlán.

Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2100, tá an Domhan in a bhall den Eagraíocht Réaltrach Aontaithe (Béarla: United Galactic Organization). Is cosúil gur eagraíocht idirphláinéadach ar nós na Náisiún Aontaithe atá san ERA. Is é Space Patrol cabhlach spáis na hEagraíochta. Tugtar Galaspheres ar spáslonga Space Patrol agus bíonn triúr ball ar chriú gach Galasphere .i. duine amháin ón Domhan, Mars agus Véineas. Ba iad eachtraí chriú Galasphere 347 ab ábhar don tsraith.

Príomhcharachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Captaen Larry Dart, Captaen Galasphere 347
  • Husky, Marsach ar Galasphere 347
  • Slim, Véineasach ar an Galasphere
  • An Coirnéal Raeburn, ceannaire Space Patrol
  • Marla, rúnaí Véineasach an Choirnéil
  • An tOllamh Aloysious O'Brien O'Rourke Haggerty, comhairleoir eolaíochta Éireannach do Space Patrol
  • Cassiopeia "Cassie" Haggerty, iníon an Ollaimh
  • Gabbler, pearóid Gabblerdictum ó Mhars, peata do Husky

Foireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Libby Morris (guthanna Marla, Cassiopeia agus Gabbler)
  • Dick Vosburgh (guthanna Dart, na Satharnach agus na róbat)
  • Ronnie Stevens (guthanna Husky, Slim agus Haggerty)
  • Murray Kash (guth Raeburn)

Eipeasóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní fios céard é ord ceart na n-eipeasóidí, ach is cosúil gurb é The Swamps of Jupiter an eipeasóid phíolótach. Tá an liosta seo san ord ar craoladh na heipeasóidí ar Associated Rediffusion i réigiún Londan.

Séasúr a hAon[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Wandering Asteroid
  2. The Dark Planet
  3. The Slaves of Neptune
  4. The Fires of Mercury
  5. The Shrinking Spaceman
  6. The Robot Revolution
  7. The Cloud of Death
  8. The Rings of Saturn
  9. Volcanoes of Venus
  10. Mystery on the Moon
  11. The Miracle Tree of Saturn
  12. The Forgers
  13. The Swamps of Jupiter
  14. The Planet of Thought
  15. The Glowing Eggs of Titan
  16. The Planet of Light
  17. Time Stands Still
  18. Husky Becomes Invisible
  19. The Walking Lake of Jupiter
  20. The New Planet
  21. The Human Fish
  22. The Invisible Invasion
  23. The Talking Bell
  24. The Buried Spaceship
  25. Message from a Star
  26. Explosion on the Sun
  27. The Unknown Asteroid
  28. The Evil Eye of Venus
  29. Secret Formula
  30. The Telepathic Robot
  31. Deadly Whirlwind
  32. The Jitter Waves
  33. Sands of Death
  34. The Hairy Men of Mars
  35. The Grass of Saturn
  36. Forcefield X
  37. The Water Bomb
  38. Destruction by Sound
  39. The Shrinking Gas of Jupiter

Eolas teicniúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stádas cartlainne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Clúdach DVD Space Patrol — The Complete series.

Tar éis craoladh na sraithe, scriosadh gach cóip de gach eipeasóid a bhí sna cartlanna, mar ba gháthpholasaí i dtionscal na teilifíse ag an am. Creideadh go raibh an tsraith caillte go deo go dtí go bhfuarthas dearbhchlónna 16mm de gach eipeasóid sna 1990í, chomh maith le dearbhchlónna 35mm de dhá eipeasóid. D'eisigh Network Video an tsraith iomlán ar VHS i 1998 agus ar DVD ina dhiaidh sin.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]