Spásteileascóp James Webb
| |||||||
Cineál misean | réadlann spáis | ||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
Oibritheoir | Space Telescope Science Institute Goddard Space Flight Center | ||||||
NSSDCA ID | 2021-130A | ||||||
Uimh. SATCAT | 50463 | ||||||
Airíonna árthaigh | |||||||
Monaróir | Northrop Grumman Ball Aerospace & Technologies (en) L3Harris Technologies General Dynamics Mission Systems (en) Materion Raytheon Company Teledyne Technologies | ||||||
Mais | |||||||
Toisí | 14.2 () × 21.2 () m scáthán príomhúil: 6.5 () m scáthán tánaisteach: 0.74 () m | ||||||
Tús an mhisin | |||||||
| |||||||
Feithicil lainseáil | Ariane 5 ECA (Ariane flight VA256 (en) ) | ||||||
Conraitheoir | Arianespace | ||||||
Gníomhachtaigh fithiseach
| |||||||
Príomh-theileascóp | |||||||
Fad fócasach | 131.4 m | ||||||
Limistéar bailiúcháin | 25.4 m² | ||||||
Liosta
| |||||||
Tá an spásteileascóp James Webb (an JWST) ag breathnú níos doimhne sa chosmas ná a d’fhéach teileascóp ar bith riamh, an teileascóp is mó riamh, agus an comharba ar Spásteileascóp Hubble,.[1] Tá sé ar a chumas breathnú siar sa stair agus radharc a thabhairt dhúinn ar thús na cruinne.[2]
Ní hé spásteileascóp James Webb an chéad teileascóp den chineál seo, ach is é an ceann is mó a chuir le heolas an chine dhaonna ar an domhainspás.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is comhphairtíocht idirnáisiúnta idir NASA, ESA agus Gníomhaíocht Spáis Cheanada (CSA) é.[3]
Sa bhliain 2018, Rinne an JWST beagnach 100 lá de thástáil chrióigineach ag Lárionad Spáis Johnson i Houston, Texas. D’éirigh go maith leis na tástálacha go léir lena n-áirítear na cinn sin a bhain leis an Ionstraim Mheán-Infreadhearg (MIRI[4] ... a bhfuil baint ag DIAS léi). Ach bhí moill curtha ar lainseáil JWST, áfach, ó Dheireadh Fómhair 2018, ar dtús go dtí 2021.
Ar Lá Nollag 2021 lainseáil an roicéad 'Ariane 5' ó Spásfort na hEorpa i nGuáin na Fraince. Ar bord an roicéad sin bhí teileascóp James Webb. Tar éis an lainseála agus an scaradh ón roicéad, dheimhnigh ionad rialú misin Webb i mBaltimore, SAM, gur chuir Webb a eagair fótavoltacha i bhfeidhm agus go bhfuil cuma mhaith air, rud a thug le tuiscint gur éirigh go maith leis an seoladh.
Bhí a cheann sprice (an dara pointe Lagrange nó L2) bainte amach i mí Eanáir 2022, 1.5 milliún km ón Domhan. Ón áit faire sin, déanann an teileascóp, an chruinne a iniúchadh sa speictream infridhearg.
Is comhphairtíocht idirnáisiúnta idir NASA, GSE (Gníomhaireacht Spáis na hEorpa) agus Gníomhaíocht Spáis Cheanada (CSA) é. Chosain sé beagnach 10 mbilliún euro chun é a thógáil.
Eolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir leis an spásteileascóp James Webb íomhánna i bhfad níos fearr de na réaltaí agus na reanna neimhe eile a thabhairt dúinn ná leis na teileascóip atá suite ar dhroim an domhain, ó nach bhfuil aer an atmaisféir ag cur isteach air, agus é thuas sa spás.
Is iad príomh-aidhmeanna an teileascóip na chéad réaltaí a cruthaíodh i ndiaidh na hOllphléisce a fheiceáil, agus pláinéad i ngrianchóras eile ar a bhfuil atmaisféar oiriúnach don bheatha a aimsiú.[1]
Bhí na chéad íomhánna eolaíocha ón teileascóp le fáil i mí Iúil 2022. Bhí na réaltfhisiceoirí in ann go díreach struchtúir a fheiceáil nach raibh fiú ainmneacha orthu ag an am sin. Is féidir linn réaltraí a fheiceáil anois mar a bhí siad 13 bhilliún bliain ó shin, ag tús na cruinne.[5]
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn DIAS in Éirinn ag comhoibriú chun crua-earraí agus bogearraí a fhorbairt don Spásteileascóp James Webb.[6] Sa bhliain 2013, thosaigh DIAS forbairt ar bhogearraí don MIRI (radaíocht infridhearg)[4][7]/Spásteileascóp James Webb.[8]
Fionnachtana
[cuir in eagar | athraigh foinse]Trí amharc siar san am chun réaltraí a fheiceáil sa luathchruinne, tugann an James Webb noda thábhachtacha bhreathnaitheacha agus dul chun sa chumhacht ríomhaireachta agus cuirfear ar ár gcumas samhlacha uimhriúla i bhfad níos soifisticiúla a ríomh.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Chruinne
- Spásteileascóp Hubble
- NASA
- Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (DIAS)
- radaíocht infridhearg
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge i Londain (2 Iúil 2022). "Nuacht Mhall: (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-07-11.
- ↑ Iris Aniar, RnaG (Raidió na Gaeltachta). "Mairéad Hurley, Taighdeoir sa Chumarsáid Eolaíochta i Scoil an Oideachais i gColáiste na Tríonóíde" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-07-11.
- ↑ Gníomhaireacht Spáis na hEorpa. "Éirí Webb ar Ariane 5 ar thóir rún na cruinne" (en). www.esa.int. Dáta rochtana: 2022-07-11.
- ↑ 4.0 4.1 "Mid-Infrared Instrument (MIRI) Instrument Webb/NASA" (en). webb.nasa.gov. Dáta rochtana: 2022-07-11.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (16 Iúil 2022). "Nuacht Mhall(An Clár)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-07-21.
- ↑ 6.0 6.1 DIAS (2018). "STRAITÉIS 2018 – 2022". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Jef Bucas. "DIAS scientists part of team to work on world’s most powerful telescope" (en-GB). Dáta rochtana: 2022-09-23.
- ↑ Rannpháirtíocht DIAS leis an bhforbairt ar an teileascóp is mó riamh sa spás, Spásteileascóp James Webb, tríd an gcuibhreannas Eorpach MIRI, a bhfuil DIAS ina phríomhchomhalta de.