Ariane

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisAriane

Cineál miseanrocket family (en) Aistrigh


Ariane

Clann feithiclí lainseála a saothraigh an ESA i ndiaidh a chomhaontaithe i 1973. Lainseáladh an chéad ceann i 1979 ó Kourou i nGuáin na Fraince, agus bhí an córas réidh le hoibriú faoi 1981. Ba é an Lárionad Náisiúnta Taighde Spáis sa bhFrainc an príomhchonraitheoir sa bhunshaothrú, agus i 1980 bunaíodh comhlacht thrádálach Fhrancach, Arianespace, chun na feithiclí a tháirgeadh. Is é Ariane 5 an leagan is déanaí, ina bhfuil príomhardán crióigineach le trastomhas 5.4 m ag iompar 158.1 tonna tiomántáin (ocsaigin leachtach is hidrigin). Soláthraíonn dhá threisroicéad mhóra sholadacha an chuid is mó den sá is gá chun éirí ar dtús. Theip ar an gcéad eitilt i 1996, ach bhí sé réidh le hoibriú faoi 1998. D'imigh leagan feabhsaithe d'Ariane 5 ar strae óna chúrsa ar a chéad eitilt i 2002 agus ba ghá é a phléascadh trí chianrialú. D'éirigh go maith leis na heitiltí ina dhiaidh sin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ariane". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 48.