Sliabh Pinatubo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachSliabh Pinatubo
(pam) Bunduk Pinatúbû Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálSliabh, Caildéara, mullach agus somma volcano (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilLuzon Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Mór-roinnAn Áise Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar riaracháinZambales, Na hOileáin Fhilipíneacha (en) Aistrigh, Tarlac, Na hOileáin Fhilipíneacha, Pampanga, Na hOileáin Fhilipíneacha (en) Aistrigh agus Central Luzon, Na hOileáin Fhilipíneacha (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 15°08′N 120°21′E / 15.13°N 120.35°E / 15.13; 120.35
SliabhraonZambales Mountains (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige1,486 m Cuir in eagar ar Wikidata
Déanta asAindéisít, basaltic andesite (en) Aistrigh agus dacite (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Croineolaíocht
éruption du Pinatubo en 1993 (fr) Aistrigh
1991 1991 eruption of Mount Pinatubo (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Bolcán sna hOileáin Fhilipíneacha a bhrúcht go pléascach i 1991 agus a theilg ceathanna carraigeacha, cloch, deannaigh, luaithrigh is gás suas go dtí 25 km, ag milleadh na mbailte mórthimpeall. Níos mó ná bliain ina dhiaidh sin, bhí an sliabh ag pléascadh, ar scála níos lú, os cionn 500 uair gach lá agus béal an bholcáin ag méadú an t-am ar fad. Lean an próiseas seo 3-4 bhliain eile. Ní gnáthlaibhe a rith amach as an mbolcán seo, ach stuif ar a dtugtar lahar nach bhfuil chomh leáite ná chomh te le laibhe, ach a ritheann i bhfad níos tapa. Tá an lahar seo tar éis gleannta is fiú foithreacha aibhneacha 100 m ar doimhneacht a líonadh, agus ghearr na haibhneacha cúrsaí nua dóibh féin. De bhrí gur fhan an oiread sin den bhunbhrúchtadh thuas sa strataisféar, cuireadh bac ar radaíocht na Gréine agus rinneadh dochar don chiseal ózóin. Meastar gur laghdaigh an bac seo meánteocht an Domhain 0.5 °C thar bhliain nó dhó i ndiaidh an bhrúchta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sliabh Pinatubo". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 518.