Slán leis an gCeol
Slán Leis An gCeol agus Farewell to Music | |
---|---|
Buneolas | |
Stiúrthóir | Cathal Ó Cuaig |
Léiriú | Cathal Ó Cuaig |
Dáileoir | RTÉ a hAon |
Mionsonraí | |
Tír bhunaidh | Éire |
Céadléiriú | 2019 |
Fad ama | 52 min |
Bunteanga | an Ghaeilge Béarla |
Dath | daite |
Cur síos | |
Seánra | scannán faisnéiseach |
Príomhábhar | Tony MacMahon |
Scannán faisnéise faoi shaol Tony MacMahon, ceoltóir traidisiúnta Éireannach, is ea Slán leis an gCeol. Ba é an scannánóir Éireannach Cathal Ó Cuaig a stiúir agus a léirigh an scannán.
Taispeánadh an scannán den chéad uair ag TradFest ar 26 Eanáir 2019, agus bhí Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUigínn i láthair mar aoi oinigh.[1] Ina dhiaidh sin bhí seisiún ceisteanna agus freagraí le Tony MacMahon agus Cathal Ó Cuaig, arna óstáil ag Tristan Rosenstock.[2] Taispeánadh an scannán freisin ag Féile Scannán Idirnáisiúnta an Daingin ar 24 Márta 2019.[3] Craoladh é ar theilifís den chéad uair ar RTÉ a hAon ar 28 Márta 2019.[4]
Bhronn Féile na Meán Ceilteach an Gradam Torc as Feabhas sna hEalaíona air in 2020.[5]
Chraol an cainéal Crótach HRT an scannán ar 14 Bealtaine 2021. [6] Ar 15 Meitheamh 2021, chraol an cainéal CRTVG sa Ghailís an scannán freisin.[7]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “President and Sabina attend premiere of ‘Slán leis an gCeol’”. President of Ireland (26 Eanáir 2019).
- ↑ “GAILEARAÍ/TUAIRISC: Slua breá i láthair don chéad léiriú de shaothar nua scannánóra as Conamara faoin gceoltóir Tony MacMahon (Photo gallery of the premiere of ‘Farewell to Music’)”. Tuairisc.ie (28 Eanáir 2019).
- ↑ “‘Slán leis an gCeol’ at the Dingle Film Festival”. Dingle Film Festival twitter (19 Márta 2019).
- ↑ “SLÁN LEIS AN gCEOL”. RTÉ Press Centre (12 Márta 2019).
- ↑ “Winners - Celtic Media Festival 2020”. Celtic Media Festival 2020 (2020).
- ↑ “HRT broadcast "Oproštaj od glazbe" ‘Slán leis an gCeol’”. HRT (30 Aibreán 2021).
- ↑ “O premiado documental 'Adeus á música' retrata na G2 a vida do músico irlandés Tony MacMahon”. CRTVG (14 Meitheamh 2021).